Abstract: Story collected by Cáith Ní Graith, a student at Clochar na Trócaire, Baile an Róba school (Ballinrobe, Co. Mayo) from informant Seán de Búrca.
Original reference: 0101/126/441
School Clochar na Trócaire, Baile an Róba [Vol. 0101, Chapter 0004]
County The Schools' Manuscript Collection : County Mayo Schools
Fionn agus an Chaoi a bhFuair sé Bean [duchas:4351343]
Lá amháin bhí Fionn agus na Fianna amuigh ag fiadhach. Chaitheadar an lá ar ghleann is ar bheann, ins na coilltibh, is ní bhfuaireadar aon nídh fós. Ins an tráthnóna agus iad ag teacht abhaile do dhúisigheadar eilith maol. Do leanadar í go dtí go rabhadar go léir tuirseach acht amhain Fionn agus a dhá mhadra Bran agus Sceolán. Do lean siad an eilith agus nuair a bhí siad i lár macaire móir agus an oidhche ag tuitim orra do stad an eilith. Thosuigh Bran agus Sceolán ag deanamh spóirt leis an eilith in ionad í do mharbh. Chuir sin iongnadh ar Fionn agus níor mhaith leis chuir isteach ar cor ar bith orra. Is minic do iompuigh sé chun dul abhaile .Bhí seacht uaire níos mó iongnadh anois air nuair a chonnaic sé an eilith dhá leanmaint agus ag déanamh spóirt le Bran agus Sceolán. Bhí Fionn 'na cómhnuidhe an uair seo cupla mile amuigh ó Cill Dara. Ní raibh se acht isteach in párlús nuair a tháinig bean óg uasal isteach in diaidh. Ní raibh fhios ar Fionn cerbh' í.
Fionn agus an Chaoi a bhFuair sé Bean [duchas:4351344]
Bhí iongnadh an domhain air, níor labhair Fionn acht labhair an bhean agus dubhairt sí gurbh' í an eilith maol a bhí dhá fiadhach an lá san aige í, agus gur buaileadh le slat draoidheacht í agus gur cuireadh cumadh eilithe uirri, go raibh sí tar éis trí bliadain do chaitheamh mar sin, gur dubhairt duine a bhí ag an draoi lei go féidir léithi teach Fionn Mac Cumhaill d'fhágháil amach go mbeadh sí 'na mnaoi arís. "Chaitheas an lá ag rith agus bhíos an-tuirseach nuair a sroicheas na Fianna liom. Do lean siad orm go dtí go raibh siad buailte amach acht amháin thú féin agus do madra". Bhí áthas ar Fhionn nuair do chualadh sé seo agus pósadh é féin agus an bhean óg, agus do mhaireadar i dteannta a chéile go ceann bliadna. An uair seo bhí Fionn ag troid ar fead seacht lá agus nuair a tháinig sé abhaile tásc na tuairisg dá mná a bhí roimhe. Dubhairt na daoine gur tháinig fear gléasta mar Fionn agus chuaidh an bhean amach leis. Bhuail an fear arís í leis an t-slat
Fionn agus an Chaoi a bhFuair sé Bean [duchas:4351345]
draoidheach agus cuireadh cumadh na n-eilith orra arís. Bhí dhá mhadra ag an bhfear seo agus rug siad greim orra agus mharbhuigh siad í. Ní raibh Fionn in ann focal a labhairt nuair a chuala sé í sin. In diaidh chuaidh Fionn amach agus níor fhág se fód de thalamh na h-Éireann nár iompuigh se ach tasc na tuairisg ní raibh sé in ann fhágháil amach ar a mhnaoi. Níor chuaidh Fionn amach in aon áit gan na madaidh a bheith aige ar eagla go mbhuailfeadh sé leis an eilith maol.
Original reference: 0101/126/441
Fionn agus an Chaoi a bhFuair sé Bean
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5