Abstract: Story collected by a student at Naomh Breandán, Gaillimh school (Galway, Co. Galway) (no informant identified).
Original reference: 0031/4/24
School Naomh Breandán, Gaillimh [Vol. 0031, Chapter 0004]
County The Schools' Manuscript Collection : County Galway Schools
Bia [duchas:4565407]
Ní bhiodh an t-arán a bheidís ag aoideach fadó chomh geal leis an aráin atá na daoine agu aoideadh anois mar ní biosh siad ag baint aon bhran chor ar bith dhí agus deirtear go raibh sé níos folláine ná an t-arán atá ag na faoine anois. As plúr cruithneachtain as fatai, as bocstí, as stampí, as seagal agus mion-coirce. Se an caoi a bhiodh siad dá mheilt ná an cruithneacht a dhóirt isteach idir dhá chloich cruinn agus ceann de na clocha a chasadh thart le hannlai mar a cásfá cloch liobráin. Sé an t-ainm a tugtaoi ar na cloch sin ná na bróinte. Séard a bhí ins an mbró dá cloich chomh cruaidh le cloich eibhir buailte le na chéile agus lannla ag gobadh amach as ceann aca le na chasadh. Ní'l aon bhró dá cineál sin dá úsáid anois in áit ar bith. Séard a bhí ins an mbocsti ná fataí
Bia [duchas:4565408]
bruighthe brúighthe agus plúr measca tríd. Do bhiodh sé an bhog. Bunáite an rud céadna a bhí ins an staimpí ach gur tugadh ainm eile ar bocstí (ar) in áiteacha ar fhud na tíre. Annsin tuairm is leith-chéad bliadhain o shoin thosuigh na daoine ag meile an arbhair le muilte iarainn agus bíodar dá gcur ar sul le caiple agus le inneallai agus tá cuid aca ar bun go dtú an lá atá indiu ann.
Original reference: 0031/4/24
Bia
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5