Abstract: Story collected by Máighread Nic Suibhne, a student at An Tor school (Tor, Co. Donegal) from informant Dualrach Mac Suibhne.
Original reference: 1066/1/70
School An Tor [Vol. 1066, Chapter 0001]
County The Schools' Manuscript Collection : County Donegal Schools
Tomhaiseanna [duchas:4402815]
Toit sa choillidh agus gan teine ar bith ann. (Ceo.) Tá sé amuigh agus tá sé astoigh agus tá sé eadar an taer agus an talamh. (Fuinneóg.) Barraile ar an t-sráid agus a dhá cheann druidte. (Uibh)
Tomhaiseanna [duchas:4402816]
Tomhais orm, tomhais ort, caidé an dealg a chuir Brighid san bhrat. (Suithche.) Tá muilín beag amuigh annsin agus trí chéad gámhain aicí. (Ghealach agus na réalta.) Muiltín iarainn agus earball olna air. (Snáthad mhór agus snáithe olna.) Chuaidh mé suas air agus tháinig mé anuas air agus thug mé liom ar mó dhruim é. (Dréimire.) Teachtaire beag ó theach go teach agus bíonn sé amuigh san oidhche. (Bealach mór.) Téigheann sé thart ar an teach agus isteach i bpoll na h eochrach. (An Ghaoith.)
Original reference: 1066/1/70
Tomhaiseanna
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5