Abstract: Story collected by a student at Breac-Cluain (B.) school (Brackloon, Co. Kerry) from informant Pádraig Ó Cinnéide.
Original reference: 0426/3/92
School Breac-Cluain (B.) [Vol. 0426, Chapter 0003]
County The Schools' Manuscript Collection : County Kerry Schools
Breac-Cluain (B.) [duchas:4678290]
Bhí fear ann tamall ó shoin agus bhí lios na fheirm. Do thug sé cead do dhuine eile ná raibh aon talamh aige prátaí do cur sa lios. Nuair a bhí sé ag cur cré ortha trathnona amháin tainig an fear cuige anáirde ar capall iallait' agus dubhairt sé leis nach cumhang a bhí Éire ort agus teacht annsan do bhí a chuid stoic á chailliúint ag an bhfear gur leis an lios as san amach agus diarr sé ar muintir an leasa agus do cuir sé crainn ag fás timcheall an leasa annsan. Do bhí fear ann fadó agus tráthnóna amháin do bhí sé ag tabhairt na mba abhaile. Do bhí sé ag dul thar lios agus do cuala sé leanbh ag béichigh istig sa lios agus dubhairt a mhathair leis eisteacht go raibh na ba ag dul abhaile agus go mbeadh bainne aige. Nuair a chuaidh an fear abhaile dubhairt sé les na seirbhísigh gan aon braon a dhortadh ach nuair a bhí duine á thabhairt isteach i dtig an bhainne do thuit an buicéad as laimh agus do doirteadh é. Ó bhéal-aithris Pádraig Uí Cinnéide; Baile na Cúirte: Abha na Scáil. Feic scéalta eile. Tógadh síos ; Meitheamh '38
Original reference: 0426/3/92
Bí fear ann tamall ó shoin agus bhí lios na ferim.
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5