Abstract: Story collected by Máighréad Ní Aodha, a student at Carrickerry, Árd-achadh school (Carrigkerry, Co. Limerick) (no informant identified).
Original reference: 0487/5/8
School Carrickerry, Árd-achadh [Vol. 0487, Chapter 0005]
County The Schools' Manuscript Collection : County Limerick Schools
Nóis Phósta sa Cheantar seo [duchas:4913594]
Is i rith na hInide is coitchian a phósann daoine na h-áite seo. Nuair a bhíonn an pósadh thart glúaiseann an beirt núa-phósta agus a cáirde go tig na mnácéile. Téigheann sgata búacaillí na coinnibh agus téad aca. Cuireann síad an téad treasna an bhóthair agus ní leigeann síad dóibh dul thart gan airgead a thabhairt dóibh. caitheann an lanamha agus a cáirde an lá ag fleadh agus ag féasta agus ag rinnce. Déantar císte mór milis roimh ré i gcóir an fheachta. Núair a bíonn gac aoinne suidhte ag an mbórd geárrann an bhrideóg an císte. Tugann sí stráca de do gac duine. Ní ithtear an stráca go léir amhthac-comeádtar cuid de cun é do cur fá na gcinn agus íad na gcodhladh. Deirtear go bhfeic-tear an céile a bhíonn i ndán dóibh 'na dtaidhreamhaibh núair a bhíonn an píosa ciste bhrídeóige fé 'na gcinn. Núiar a bíonn coimheascar laé is oidhche ann agus núiar a bhíonn an bhúadh ag an oidhche tagann na géamairí - fir agus aighthe-fidil ortha agus éadaighe éagsamhla - agus bíonn síad ag rinnce agus ag seinm ceóil agus geibheann síad gac nua-bídh agus gach sean-dighe ó'n mbrighideóig agus a gaolta. Bíonn an spórt ar siubhal go dtí maidin uaireanta - na géamairí ag teacht agus ag imteacht i rith an ama go léir. Sé nós a bhí ag na daoine fadó ná stoc agus earraí do thabhairt mar spré do'n cailín agus tugadís díallait do'n bhfear núa-phósta leis. Airgead is coit-chianta a tugtar mar spré anois agus ní tugtar stoc no earraí ach go h-annamh.
Original reference: 0487/5/8
Nóis Phósta sa Cheantar seo
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5