Previous | Item 6 of 1283 |

Scéal - Loch Finne

Abstract: Story collected by Máire Ní Chaoimhghín, a student at Na Cruacha school (Croaghgorm or Blue Stack Mountains, Co. Donegal) from informant Amras Ó Chaoimhghín.

Original reference: 1049/3/26

Loading...School Na Cruacha [Vol. 1049, Chapter 0003]

County The Schools' Manuscript Collection : County Donegal Schools

transcribed at

 

Scéal - Loch Finne [duchas:4396596]

Sgéal : - Loch Finne

Amras Ó Caoimhghín- Mín na Sróine
                                                   Na Cruacha
                                                   An Clochán
                                                   Leithbhearr
Aos 51
Tógadh é  5 mhíle ón ait thuas agus fuair sé seo ó na athair nuair a bhí sé 12 d'aois.
Bhí seanduine ina chómhnuidhe le na mhac Forghamhain agus le na inghean Finngheal i gcró fód cómhgharach ag Loch Finne, atá istigh i lár shleibhte Thír Chonaill. Bhí na Fianna ag dul thart  'seilg cómhgharach ag an loch lá amháin. Ní raibh sgian na ranna leo agus nuair nach raibh ní thiocfadh leo mórán seilge a dhéanamh. Tháinig an-ocras ortha agus rinne siad amach go mb'fheárr tarraingt ar an chnó go bhfeicfeadh siad an bhfuighidh siad aon rud le h-ithe. Rinne . Dubhairt an seanfhear leo nach raibh rud ar bith aige-san le tabhairt dóibh ach ar seisean "Tá fhios ag mo mhac áit a bhfuil tarbh allta 7 rachaidh sé libh agus thig libh é a mharbhadh" Chuaidh Forghamhain leo agus theasbáin an tarbh dóibh ach theip ar na Fianna uilig a mharbhadh. Annsin chuaidh an Forghamhain de léim ar dhruim an tairbh agus ní raibh i bhfad gur mharbh sé é. Reannadh an tarbh ina cheithre cheathramhna

Scéal - Loch Finne [duchas:4396597]

annsin agus ní raibh aoinne de na Fianna abálta  níos mó ná ceathramhadh amháin  an duine a thabhairt leó ach bhí an Forghamhain ábalta dhá cheathramhadh a thabhairt leis. Tháinig éad ar Fhionn agus ar an Fhéinn leis an Fhorghamhain mar go raibh sé ina fhear níos feárr nó iad féin. Ba mhaith le Fionn cos i bpoll a chur leis. D'iarr sé ar an t-seanduine an Forghamhain a leigint leó ar feadh seacht mbliadhna agus go dtabharfadh siad-san chuile sheórt oideas do i ngléas cogaidh agus arsa seisean " Geallaimse dhuit go leigfidh mé arais chugat é i gceann seacht mbliadhna agus ní  bheidh an duine istigh in Éirinn a bhéas ionchurtha leis san am sin" Níor mhaith leis a' t-sean-fhear an mac a leigint leo ach sa deireadh thug sé cead dó dhul. D'imthigh na Fianna agus an Forghamhain leo go dtí Gleann Cholm Cille agus d'fhan an Forgamhain leo seacht mbliadhna. Bhí siad lá amháin taréis a dhul leo ar dtús ag seilg cómhgharach ag na Gleanntaí ag áit ar a dtugtar Malaidh na Muice  ar, fuair siad nead muice duibhe ann ina raibh ocht mbanbh agus ní raibh an mhuc dhubh istigh. Mharbh na Fianna na bainbh uilig ach ceann amháin a bhain Oscar an ruball dí. Annsin d'imthigh siad leó.
Bhí locht amháin ar an Fhorghamhain , bhí sé faoi gheasa rud ar bith a d'iarrfaidh air gan déanamh

Scéal - Loch Finne [duchas:4396598]

caithfidh sé a dheánamh. Nuair a bhí sé na seacht mbliadhna cothrom ag na Fianna ní rabh aon fhear de na Fianna ionchurtha leis agus bhí éad Fhinn ag méadú chuile lá. Maidean amháin dubhairt Fionn leis" tá sé seacht mbliadhna anois ó tháinig tú chugainne agus anois tá ort dul abhaile chuig d'athair indhiu ach ar rud ar bith ná gabh bealach na muice duibhe."
Dubhairt an Forghamhain leis " A Fhinn, is maith atá fhios agat goidé atá tú a' dheánamh- tá fhios agat go gcaithfidh mise dhul o's rud é go ndubhairt  tú liom gan dul agus rachaidh mé , bíodh sé le mo leas nó le mo aimhleas" D'imthigh an Forghamhain agus thug sé leis a chlaidheamh agus ceithre chú, an Loingseach, an Mhárach,an Ghrafach agus an Ghrubach.
Tháinig se go malaidh na Muice san áit a raibh nead ag an mhuc dhubh a bhain Oscar an ruball dí. Ní raibh an mhuc dhubh istigh agus mharbh an Forghamhain na muca beaga. Ní raibh sé i bhfad aniar annsin gur lean an mhuc dhubh é agus í ar chaor theineadh. Chaith sé an Loingseach chuici, níor mhair sí sin ach tamall beag duithe go raibh sé marbh agus tugtar Srath Loingsigh ar an áit sin ó shoin. Bhí an mhuc dhubh ag fághail suas leis airíst agus chaith sé an Ghrafach chuice. Choinnigh sé sin troid leis

Scéal - Loch Finne [duchas:4396599]

an mhuc tamall beag níos fuide ach ba ghoirid go raibh sí marbh fosta. Tugtar An Ghrafaigh ar an áit sin go fóill. Nuair a chonnaic an Forghamhain an mhuc ag teacht airís chaith sé an Mhárach chuice. Sheas an Mhárach tamall maith do'n mhuc ach sa deireadh marbhadh í agus tugtar Mín na Márach ar an áit sin ó shoin. Nuair a tháinig an Ghrubach 
 ( an mhuc dhubh)suas leis airíst chaith sé an Ghrubach leí. Mhair sí seo an-fhada dí nó go raibh an Forghamhain amuigh ag Loch Muc agus annsin mharbh an mhuc í. Tugtar Mín an Ghrubaigh ar an áit  a marbhadh an Ghrubach. Tháinig an mhuc suas leis an Fhorghamhain airíst ag Loch Muc. Ní raibh aige ach é féin anois le troid a choinneál leí. Throid sé go cródha, calma ach bhí an mhuc ag fághailt láimh an uachtair air. Annsin leig sé trí sgairt. Bhí a dheirbhshiúir ,Finngheal, ag cíoradh a gruaige taobh amuigh de'n chró ar bhruach Loch Finne. Chualaidh sí an guth , agus arsa sise leí féin" Má tá mo dhearbhrathair beó sin a ghlór, tá sé i gcontabhairt agus tá sé ag iarraidh cuidigh" .Thóg sí trí clocha ina haprún 7 shnámh treasna na locha ag tarraingt air. Nuair a bhí sí taobh thall chualaidh sí mac-alla an ghlóir taobh i bhfus agus shíl sí gur taobh i bhfus a bhi sé 7 shnámh sí treasna,nuair a bhí sí taobh i bhfus airíst shíl sí gur taobh thall a bhí sé 7 siúd treasna airíst leí:

Scéal - Loch Finne [duchas:4396600]

Mhair sí mar sin a' snámh treasna na locha, nuair a bhíodh sí taobh thall shíleadh sí gur taobh i bhfus a bhí sé agus nuair a bhíodh sí taobh i bhfus shíleadh sí gur taobh thall a bhí sé, nó go raibh neoin bheag agus deireadh an lae ann. Bhí an glór ag éirigh níos laige. Sa deireadh bhí Finngheal ag éirigh tuirseach, chuaidh a gruaig i bhfastach ina cosa agus thug trom na gclocha síos í agus baitheadh í. Tugtar Loch Finne ar an loch sin ariamh ó shoin mar gur báitheadh Finngheal innte agus tá na trí clocha ina dtrí n-oileáin le feiceal ar an loch go dtí an lá atá indhiu ann.
Mharbh an mhuc an Forghamhain agus mharbh an Forghamhain an mhuc. Fuarthas ar maidean an bheirt marbh taobh le taobh agus tugtar Loch Muc ar loch atá i ngiorracht do'n áit i gcuimhne na muiche duibhe.

( Scríobh Máire Ní Chaoimhghín, inghean Amrais, an sgéal seo ó na h-athair)

Origin information
Croaghgorm or Blue Stack Mountains, Co. Donegal
Date created:
Type of Resource
text
Physical description
p. 261-265
Volume 1049
Note
Collected as part of the Schools' Folklore scheme, 1937-1938, under the supervision of teacher Máire C. Ní Chinnéide.
Languages
Irish  
Genre
Folktale
Subject
legendary creatures   linked data (afset)
Feardhomhain--Feardhomhain
legendary creatures   linked data (afset)
Fianna--Fianna
School location
Croaghgorm or Blue Stack MountainsNa CruachaKillymardBanaghDonegal
Location
https://doi.org/10.7925/drs1.duchas_4499701
Location
University College Dublin. National Folklore Collection UCD .

Original reference: 1049/3/26

Suggested credit
"Scéal - Loch Finne"in "The Schools' Manuscript Collection," held by University College Dublin, National Folklore Collection UCD. © University College Dublin. Digital content by: Glenbeigh Records Management, published by UCD Library, University College Dublin <https://doi.org/10.7925/drs1.duchas_4499701>
Note
Collected as part of the Schools' Folklore scheme, 1937-1938, under the supervision of teacher Máire C. Ní Chinnéide.
Funding
Supported by funding from the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht (Ireland), University College Dublin, and the National Folklore Foundation (Fondúireacht Bhéaloideas Éireann), 2014-2016.
Record source
Metadata creation date: 2014/2016 — Metadata created by Fiontar, Dublin City University, in collaboration with the National Folklore Collection UCD and UCD Library. Original Fiontar metadata converted into MODS by UCD Library.

Rights & Usage Conditions

Creative Commons License
Scéal - Loch Finne is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.

Copyright of the original resource: University College Dublin

To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5