Abstract: Story collected by Nóra Ní Ghallcobhair, a student at Tóin an tSeanbhaile school (Tonatanvally, Co. Mayo) (no informant identified).
Original reference: 0086/107/132
School Tóin an tSeanbhaile [Vol. 0086, Chapter 0005]
County The Schools' Manuscript Collection : County Mayo Schools
An Chuach [duchas:4344612]
An Cuach Tigeann sí annseó gach samhradh idtús Bealtaine. Bliadhannta bíonn sí luath seachtmhain, agus deireann na sean-daoine go mbéidh droch samhradh air, agus an bhliadhain a thigeann sí mall bíonn deagh samhradh ann. Nuair a cloistear an chuach tá an samhradh ann dárírí, bíonn sí ag cheol ar feadh an lae, go mór-mhór go moc ar maidin agus sa tráthnóna. Is éan fallsach í mar ní dhéanann sí nead ar bith acht beireann sí a h-uibheacha i nead éin eile. Ins na crainnte is mó a bhíonns sí, mar bíonn foscadh maith ann. Fágann sí an tír in lus?, agus nil fhios againn cá n-inthigheann sí. Creideann na sean-daoine gur glaodhann sí ar na géabha óga, coinigheann sí siar iad agus nuair a thigeann siad amach bíonn siad lag. Tigeann trí droch lá faoi Bhealtaine agus an t-ainm ata orra "Trí Lá na Cuaiche".
Original reference: 0086/107/132
An Chuach
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5