Abstract: Story collected by Máire Ní Conraoi, a student at An Clochar, B'l'Áthan Ríogh school (Athenry, Co. Galway) from informant an unidentified informant.
Original reference: 0003/2/7
School An Clochar, B'l'Áthan Ríogh [Vol. 0003, Chapter 0002]
County The Schools' Manuscript Collection : County Galway Schools
An Clochar, B'l'Áthan Ríogh [duchas:4594337]
Ba mhinic bhris béal duine a shrón Snáithe fada an tailiúra Gáire maith agus codladh fada an dó leigeas is fearr i leabhar an dochtúra Tosach ceatha ceo, deireadh catha gleó. Bíonn adharca fada ar bhuaibh thar lear. Tosach sláinte codladh Is foisge do mhnaoi leith sgéal ná práisgín Ceann mór na céille bige. Is deacair ceann críonna a chur ar ghuailnibh óga Ritheann uisgí doimhne go ciúin An rud is giorra don chroidhe sé is giorra do’n bhéal Nuair is mó an spóirt is cóir stad de. Sí an dias is truime is ísle chromas a ceann. An té is mó cainnt sé is lugha obair. An cogadh ba mhó riamh tháinig duine slán as. Is beag an ghaoth nach lubfadh tráithnín Is fearr lúbadh na briseadh Bíonn cloch reatha gan caonach Is fearr rith ná droch-sheasamh Ag díol meala agus ag ceannach milseán. Ná bí luath chun labhartha ná leasg chun éisteachta. Dúnadh an dorais thar éis na foghla Is olc an rud gan aon sgéal bheith ar bharr theangadh Ní rún é agus fios ag triúr air. Is minic bhaineas duine slat a bhuaileas é féin An fear nach n-iomcharann a chóta lá tirim ní bhíonn sé
An Clochar, B'l'Áthan Ríogh [duchas:4594338]
aige lá fliuch An té nach n-ólann acht uisge ní bhíonn sé ar meisge. An té nach bhfuil láidir caithfidh sé bheith glic. Is bocht an sagart nach mbíonn cléireach aige. An áit in a mbíonn na mná bíonn cainnt Indeireadh a gcoda troideann na coileáin Is ait an mac an saoghail An té a bhíonn amuigh fuarann a chuid Ar mhaithe leis féin a ghníos an cat crónan Briseann an duthchas tré shúilibh an chait An iomadh lámh a dhéanas an obair éadtrom Tosach sláinte codladh, deireadh sláinte osna De réir a chéile déantar na caisleáin Bíonn gach aon tosnú lag. An rud is annamh is iongantach Ní thig leis an ngobadán an dá tráigh do freastal Bíonn cluasa ag ballaibh Is blas ar an mbeagán Is fearr maireacht ar garbar ná dhá siubhal [?}. Níl aon teinteán mar do theinteán féin Is olc an chú nach fiú feadhail air. Tuige tadhg taidhgín Ní bhíonn sógh gan ansógh Nuair is cruaidh don chaillig caithfidh sí rith Ni théigeann cuileog san mbéal a bhíonnus dúnta Níor dhún Dia bearna riamh nár oscail sé ceann eile An rud a scríobhas an puca leigeann sé féin é
An Clochar, B'l'Áthan Ríogh [duchas:4594339]
Sé an carr folamh is mó a ghníos torann. Ní hiad na fir mhóra a bhaineas an foghmhair Is furasta fuinneadh in aice na mine. Ní hé lá na gaoithe lá na scolb An rud a leigfead duine marbhocadh sé duine eile. Dá fhaid an lá tagann an oidhche Is maith an t-annlann an t-ocras. Is fearr ubh indiu ná damh ambárach An té nach gcuirfeadh san Earrach ní bhainfidh sé sa bFoghmhair Nuair a bhíos an cat amuigh bíonn na lucha ag rinnce. Is glas iad na cnuic i bhfad uainn An iomarca cócaire a mhilleas an t-anbhruit Is fearr féachaint romhat ná dhá féachaint id do dhiaidh Sé crutú na putóige le n-ithe Bíonn ceann dubh ar gach maidin Earraig. Nuair a bhíos an fíon istigh bhíonn an ciall amuigh Is giorra cabhair Dé ná an doras. Beart gan leigheas is foighid is fearr air. Is fearr stuaim na neart Ní dhéanfadh an saoghal capall rása d’asal. An té is mó osglas a bhéal sé is lugha osglas a sprán Siad na muca ciuine a itheas an mhin An duine a shiubhlas bothar fada meileann sé mín agus garbh Éist leis na seandaoine ag silfidh tú eolas a bheith Is maith an t-iománaí a bhíos ar an gclaidhe Is maith sugh bó; beo ná marbh Ní hé a bhean is áilne is truime ciall.
Original reference: 0003/2/7
Ba mhinic bhris béal duine a shrón.
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5