Abstract: Story collected by Síghle Ní Shúilliobháin, a student at Baile an Sceilg (C.) school (Ballinskelligs, Co. Kerry) from informant Conchúbhair Ó Dálaig.
Original reference: 0478/1/4
School Baile an Sceilg (C.) [Vol. 0478, Chapter 0001]
County The Schools' Manuscript Collection : County Kerry Schools
Stáca Sheáin Duinn - Baile an Sceilg [duchas:4739671]
Stáca Sheán Duinn (Baile 'n Sceilg) (1) Aréir im' aisling is mé ag machtnam t'réis mé síneadh Ar mo stáicín tuighe a bheith i dtuinn dá bádh Is nách bhuadhartha a bhí m'aigne i gcaitheamh na h-oidhche Le h-eagla gur daoine do cur ann lámh (2) Do samhluigheadh trem'[?] chodhladh dhom gur gheibheas go dtí é. Ní raibh mar a bhí sé ach luchaig ann ar snámh. Ó gur greadas-sa mo bhasaib, is gut chromas ar é chaoneadh, Is gur chuardígheas gach díg de, síos go dtí an Caisleán. (3) Gur phreabas-sa chun reatha, féar a' bhfaighinn gan mhoill é. Is do leanas barra taoide, gur gheibheas go dtí an t-ádh Bhí gála, agus tarrac ann, is béigean dúinn gabháil tímcheall Chun é chuardach airís go dtípoinnte na mbárc, (4) Do bhíos-sa fuar leathta, fé ocras is íotaig Is gan aon stór im' tímcheall do cheanneóchad dom arán Ó, go rabh-as ag filleadh abhaile, chun gur bhuail Seán a' D'rín[?] liom Is do thuig mo dhóthain bíd dom, is do bhí agam leis gádh (5) D'fiafhruig díom an flathartach, cad a sheol an tslíghe me. Nú ar mhiste dhom é ínnsint, cad é an fáth gur fágas Ceannárd Dubhart, gur stáicín coirce liom, a bhí imighthe t'réis na h-oidhche Aige tuille de dhruim tíreach[?], a sciob é amach fé'n mbádh
Stáca Sheáin Duinn - Baile an Sceilg [duchas:4739672]
(6) Seo dhuit síntuís airgid, agus cuardaig airís é Ceann Muice, agus an Duibhe dhe, agus poinnte an ráth Agus mar ambeidh sé fachta agat annsan ar theacht na h-oihche Téighre go dtí an tSnaidhm, agus codail ann go lé (7) Do dheineas cómhairle an fhearaire, mar nách ag magadh fúm do bhí sé Is chuardígjeas Neidín de, agus locha Coinnleáin Ó gur tógas bád i nGaranais do chuir isteach go baoí me Is,is buadhartha, cráidhte a bhíos-sa gan a thuairisc agam le fágáil (8) Do gheibheas-sa ar bórd smaice, a bhí ag tarrac a gcuid líom Is gur gheibheas de'n scríb sin go Baile an Chaisleáin Go ndubhairt duine des na fearaibh liom go bfeacaid sé sa taoide é 'Á phriocadh ag scata faoileann, is é ar a slíghe ag teacht ó'n Spáinn (9) Nuair nár thuiteas as mo sheasamh, nuair a chualadh an scéal dá ínnsint Is gur geibheas ar bórd steamer chun go n-imthíghinn fé na déin Tháinig gála, agus fairrge, agus nuair nár cailleadh ar an slíghe sinn Is, is fann lag a bhíos-sa ag breoídhteacht im' thúrnáil (10) Go ndubhairt duine des na fearaibh liom go raibh gaoth andheas ist-oidhche ann
Stáca Sheáin Duinn - Baile an Sceilg [duchas:4739673]
Is go raibh sé ar an slíghe rómhainn ó thuaidh chun Iomáin[?] Is mar a mbeadh sé againn fé eadaradh gur sa Daingean a bhí sé Is gur measa dómsa díol as, ná cad a gheóbhainn dá bhárr (11) Nuair a shroiseamair an Daingean do dhíolas as an steamer Is, is buadhartha, cráidhte a bhíos-sa, is gan a thuairisc agam le fágháil Níos dheineas mórán moilleadhta ach gur chaitheas ruainne bídh ann Is leanas barra taoide, agus treasna abha[?] na scál (12) Ba mhór an truagh sa deire me, do bhí mo bhróga ag luighe orm Is an sceal ba measa airís dom, mo chabhail do bhí ag stropáil Na cailíní óga ag magadh fúm nuair a chaithfinn bíonn mo bhríste Is, is fann lag do bhíos-sa is gan tuínnte ar mochnámha (13) Chun na nDúbhcha iseadh casadh me, agus d'fhanas ann ist-oidhche Agus thug bean an tíghe dhom ím agus arán Gur eirígheas ar maidin, chun bheith ag cur na slíghe dhíom Ros beithe agus Gilísc, agus ins na Cealla do thógas bád (14) Gur chuardígheas é chun Dairbhreach, ahus an Góilín síos de Rínn Cathrach mor-tímcheall agus Caladh an bháid Treasna cínn Dúbha Cealla chun gur chuireas buaile Uí Choill díom Agus an bealach aniar díreach ar Charraig Uí Spealáin (15) Sé uisce guirt na carraige do chuir ar measaidhe me Nuair a leagas-sa síos é ó Sheamas Ó Dhuilleáin
Original reference: 0478/1/4
Stáca Sheáin Duinn - Baile an Sceilg
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5