Abstract: Story collected by a student at An Gleann Mór school (Glenmore, Co. Kerry) from 4 informants.
Original reference: 0466/3/5
School An Gleann Mór [Vol. 0466, Chapter 0003]
County The Schools' Manuscript Collection : County Kerry Schools
Ainmhithe na Feirme [duchas:4735038]
Sí an bhó an ainmhidhe is tabhachtaighe ar bhfeirm. Siad na hainmeacha a bíodh ar na buaibh ná “Cúibí” “Bleínfhionn” “Bháiní” , “Ceanfhionn” , “ Puirtí”, “Drumfhionn” , “Smólach”, “Ciardhubh”, “Leíthíneach”, “Cuírach”, “Donnaí”, “Ciarraighe”, “Maolaidhe”, “Cábach”, “Sucaí óg”, “Sucaí Dearg”, “Sucaí Liath”, “Sucaí Donn”, “Sonas”, “Bluíre”, “Stuicín”, “Geadach”, “Scotíneach” , “Macanois”, “Glas Gaibhneach”, “Gormán”, “Bricí”, “Bail”, “Pindí”, “Ciarseach”, “Meidhreach”, “Múirneach”, “Collaí”, agus “Aon a’ Mhuilit”. Nuair a bhíonn bean a tighe ag crúdhadh na bó suidheann sí fúithe ar stoilín beag agus tosnuigheann sí á snuighadh isteach i ngalún. Má bhíonn ag speachiál deireann sí “clartuig” nó “foighneach” Nuair a bhíonn fear
Ainmhithe na Feirme [duchas:4735039]
(Nuair) ag leighint amach na ba deirea? sé “habha, habha” nó “geobaidh-se amach.” “Cró na mbó” a glaodhtar ar tigh na mbó bíonn siad ceangailte ar taobh amhaín agus ar an dtaobh eile ar aghaidh sin le slabhraí nó le braighdeaín deúnta de shúgán. Súil ribe nó fásgad Ruthaigh na snadhmanna a bíonn ortha. Bíodh a lán gabhra ná – “Maol Ghlas”, “Maol Riabhach”, “Gabhair Odbhair”, “Gabhar na bPingní”, “Gabhar an tSrathair Bháin” agus “Gabhar breach”. Is iad ainmeacha na caoirig ná “Maolaide”, “Leath adharacach”, “Mothail”, “Eirball fada”, “Pus liath”, “An caoire dubh” agus “Cúl dhubh” agus a lán ainmeacha eile. “Fuilín” a glaodhtar ar thigh na gcearc Nuair a bíonn bean a tighe ag glaodhach na gcearc chun bídh a tabhairt doíbh
Ainmhithe na Feirme [duchas:4735040]
deireann sí “tioc, tioc, tioc” Nuair a bíodh cearc ag gor fadó coimeaduig sa chistin í sa chub cuirtí cros ar na uibheacha i dtreo is go mbíodh siad rathamháil. Craití uisge coisreacan ortha leis. Deirtí go mbíodh éan i ngach uibh a cuirtí síos Aoine an Ceusda.
Original reference: 0466/3/5
Ainmhithe na Feirme
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5