Abstract: Story collected by a student at An Gleann Mór school (Glenmore, Co. Kerry) from informant Donnchadh Mac Giolla Choda.
Original reference: 0466/3/2
School An Gleann Mór [Vol. 0466, Chapter 0003]
County The Schools' Manuscript Collection : County Kerry Schools
Arán na Seanaimsire [duchas:4735028]
Sa t-sean aimsir deintí an t-arán do phlúr mhin-choicre. Ar dtuís meiltí an gráinne ar an mbróin. Bhíodh cheann ag gach aoinne fadó acht nílidh ann in aon chor anois. Sa ghreidiol do cuirtí an t-arán ag bácáil mar ní bhíodh aon báchus ann an uair sin agus tá an ghreidiol ag an lán des na daoine fós. Bhíodh steaimpí leis acu fadó ar fhéilí áirigthe sa mbliadhan – Lá Féile Shan Sheáin agus Lá Fhéile Mhichil. Seo mar a deintí an steaimpí a deir an sean amhrán. “Tá tigh mór fairsing i mbarra na h aoinne Tá bean acu á glanadh ann is bean acu á scríobhadh Is bean acu a fhaísgeadh an gcorcán ar a dicheall Is seana bhean ar a corraghiob á leathad ar an ngríosaig”
Arán na Seanaimsire [duchas:4735029]
Deineann a lán daoine fós a steaimpí nuair a bhíonn na prátaí go fluaírseach san Gheimhreadh. Ní bhíodh aon chroch acu fadó ach píosa iarainn ag síneadh ó bharra an t-simné. Cuirtí cros ar bharra gach císte in onoír Naomh Brígdhe mar gach císte a dhein sí bhí cros an deintí sághas eile císte leis fadó, ní cuirtí aon bhlátach ionnta ach uisce beuebhigh? “bocstí buidhe” nó “cáidí” a ghlaoidhtí air cé nach bhfuíl aon tor ag na daoine air anois tá sé níos fearr agus níos sláinteamhala ná an t¬-arán atá acu. Bhíodh na daoine fadó ana láidir agus sláintemhail agus bíodh na fiacla ana mhaith aca. Bárr Spuncáin ní tráchtfainn coidhche air baile mór árd é is é lán de dhaoine meileann siad go garbh é is bíonn leacach na croidhe istig. Is bíonn cluig ar a gcarball ar fead leat den oidhche
Arán na Seanaimsire [duchas:4735030]
Raithneach a bhean bheag a bhean bheag a bhean bheag Raithneach a bhean bheag steaimpí agus ím air Raithneach a bhean bheag a bhean bheag a bhean bheag Raithneach a bhean bheag deánfaimid an císte.
Original reference: 0466/3/2
Arán na Seanaimsire
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5