Abstract: Story collected by a student at An Gleann Mór school (Glenmore, Co. Kerry) from informant Tomás Mac Gearailt.
Original reference: 0467/1/43
School An Gleann Mór [Vol. 0467, Chapter 0001]
County The Schools' Manuscript Collection : County Kerry Schools
Aonach an Phoic [duchas:4735309]
Bhí fear agus a bhean ‘na gcómhnuidhe inaice le Cill Orglain sar ar rugadh tusa ná mise. Bhíodh an bhean i gcómhnuidhe ag gabhaílte dón bhfear. D’eirigh sé tuirseach di sa dheireadh agus dubhairt go nimteóchadh sé uaithe ar fad ná bheadh a thuille baint aige leíthe. Amach an doras leis go dian mhoch ar maidin. Ní raibh sé i bhfad ag siubhal nuair do casadh air pocán mhór gabhair. D’fhiafraigh an phocán dhe cá raibh a thriall chómh luath san ar maidin. D’ innis seisean an an sgeal ‘san cursa go réir dhó. “Tá go maith” arsa an phocán “bainfhead-sa an teasbach de’n ‘Lady’ seo. Tar ar mo dhrom-sa”. Dhein an fear amhlaidh agus bheir greim air bhárr earbaill ar an phocán agus ghluais an beirt leo agus níor staid cos leo go dtí gur bhuaileadar isteach abhaile. Sháid an phocán a mheigeall sa teine agus ba gheárr go raibh bolaith ró bhreág ar fuid a tighe. Déirigh bean-a-tighe is gan uirthi ach a léine. Pé póirseáll abhí aici sa doirceacht chur sí lámh di ar dhruim an phocáin agus mo lom m’a chur níor bféidir leí i tharrac airís. Ghluais a ghabhair amach an doras agus a bhean ceangailte leis. Thosnuig sí a beícig agus ag ímpíde air í sgaoileadh uaidh in anim Dé dubhairt a’ máighistir leí fanamhaint
Aonach an Phoic [duchas:4735310]
Socair di féin. Do bhuail an phocán an bhóthar amach agus rop siubhal fé. Níor bhfada gur casadh ortha saor bóthar agus a mhac. D’iarr an bhean ortha í a shaoradh ón phocán seo chuící an mac ach chuaidh sé in achrann leis an phocán chómh maith le cách. Dhein an t-athair iarracht ar a mhac do shaoradh ach d’imtig a chrích cheuda air féin. Bhiodhar ag cur díobh gur bhauileadar le sluagh an saighdúir san len a chomraid é féin a shaoradh agus a chuid eile sgaoileadh chun a diabhail. Chuaidh duine eile in achrann agus duine eile fós go dtí go rabhadar go léir in aon sraith amháin siar síos ón phocán. Do ghluais an phocán agus a chómhlucht fé dhéin Cill Orglain agus thárla go raibh aonach ar suibhal ann an lá cheudhna. Do mhársáil an phocán tríd na sráide is bhí iongnadh an domhan ar na daoine go léir , nuair a chonnacadar an phocán ghabhair agus an bhean is gan uirthi ach a léine ceangailte le hearball air. an fear ar a dhrom, saor bóthar agus a mhac agus sluas aid acu is na ndiaidh san an trúip saighdúiri. Trathnóna thiar bhuail an phocán an bothar abhaile is d’fág sé gach aoinne san áit na bhfuair
Aonach an Phoic [duchas:4735311]
sé iad ar maidin. Dubhairt sé leis an mnaoi í féin a sheachaint agus bhuth cneasta, cóir dá fear nó dtagadh sé féin chúici airís go gcuirfeadh sé smacht uirthi. Ní deirim ná go raibh sí sásta go leór ag an margaidh sa tar éis an lach ag aireacht ar fuid Cíll Orglain [ Sin í an fath go gcuirtear phocán gabhair anáirde ar an árdán go Aonach a Phuic ] ó shoin i Leith ]
Original reference: 0467/1/43
Aonach an Phoic
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5