Abstract: Story collected by Padhraigh O Coincheanainn, a student at Anach Cuain school (Annaghdown, Co. Galway) from informant Micheál Ó Coincheanainn.
Original reference: 0024/1/19
School Anach Cuain [Vol. 0024, Chapter 0001]
County The Schools' Manuscript Collection : County Galway Schools
Daoine Cáiliúla in Eanach Cuain - Seán Ó Fearrachair [duchas:4562658]
I measg daoine na h-áite seo do mhair go leór daoine cáileamhla ins na blianta a chuaidh thart, agus ní ró fhada ó shoin chor bith o bhí siad ann. Timcheall trí scóir bliain ó shoin, seo ceann acu athair Maidhc Margot. Tá Maidhc ina sláinte fós agus comhnuidheann sé i mBaile na Coille, ina sheascadh naoi bliain agus innsightear go leor sgéal gaisceach faoi na athair Seáin i rith nó i léim. Do mhair sé i mBaile na Coille agus do mhair fear eile ins an mbaile chéana ach go raibh corainn catorra mar a bhfuil Micil O Fathaigh agus bhí an gáirdín chomh mór árd leacan an t-am si is atá sí anois. Casadh athair Maidhc ar an muintir a bhí annsin in áit a bhfuil Micil anois agus thosuigh siad a cómhrádh. I measg na cainnte dubhairt muintir Stanton go raibh an balla sach árd le athair Mhaidhc Margot. "Well" a deir Seán Ó Fearrachair athair Maidhc, cuirfidh mé geall deich sgilling go léimfidh
Daoine Cáiliúla in Eanach Cuain - Seán Ó Fearrachair [duchas:4562659]
Sheas sé amach uaidh ag an gcolúmain eile d'en bhóthair. Bhain sé a chasóig dó agus thug sé rás chuige. Suas leis ar bárr a claidhe agus ní dhearna sé ach a láimh a fhagáil ar bárr a claidhe dá troig dhéag agus isteach leis. B'eigin do Stanton a mhargadh a coineál agus Seán Ó Fearrachair d'íoc. Lá eile búaladh tinn athair Liam Uí Fearrachair. Ní dhearna sé ach a bhróga a caitheadh agus thosuigh ar ag taistil go Thuaim agus bhí siad muintireach freisin. Rith sé go Tuaim le h-aghaidh dochtúra agus dhá mire dá raibh capall an dochtúra indhon imeacht bhí Seán Ó Fearrachair sa mbaile arist roimhe. Deirtear go raibh sé indhon rith chomh maith leis an girrfidhe.
Original reference: 0024/1/19
Daoine Cáiliúla in Eanach Cuain - Seán Ó Fearrachair
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5