Abstract: Story collected by Máiréád Ní Fathartaigh, a student at Inis Niadh school (Inishnee, Co. Galway) from informant Máire Ní Fathartaigh.
Original reference: 0007/3/3
School Inis Niadh [Vol. 0007, Chapter 0003]
County The Schools' Manuscript Collection : County Galway Schools
Cailleach an Domhain Thoir [duchas:4595612]
Bhí bean ann fadó agus bhí triúir mac aici. Lá amháin dubhairt an mac bu shine go ngabhfadh sé ag saothrú beatha dó féin agus d'imthigh sé leis "Nuair a caillfear mise, a mháthair" ar seisean "beidh uachtar fola agus íochtar meala ar an tobar fíor-uisce atá annsin amuigh" agus d'imthigh sé leis. Bhí sé ag siubhal ariamh ariamh go dtáinic sé go dtí ceó. Bhí cailleach istigh sa gceó. Mharbhuigh sí an fear. Nuair a chuaidh an dara fear go dtí an tobar agus connaic sé an fuil ar an tobar dubhairt sé lé n-a mháthair go raibh a dhriotháir mharbh agus go raibh sé ag dul á thóruigheacht agus d'imthigh sé leis. Bhí sé ag siubhal ariamh go dtáinic sé go dtí an ceó acht mharbhuigh an cailleach é. Chuaidh an tríomhadh fear go dtí an tobar agus connaic sé an fuil ar
Cailleach an Domhain Thoir [duchas:4595613]
Dubhairt sé lé na mháthair go raibh bheirt driotháir marbh, agus go raibh sé ag dul dá dtóruigheacht, agus d'imthigh sé leis. Bhí sé ag siubhail ariamh go dtainic sé go dtí an ceó. Bhí cú agus each ag an bhfear seo, agus nuair a thainic sé isteach sa teach leag an cailleach é. Rug an cú ar cois uirthi agus bhuail an t-each do chic í. Dubhairt sí leis an fear í fhágáil annsin is go dtiubhradh sí a bheirt driotháir dhó comh maith is bhí siad ariamh. Cé'n caoi sin? arsa an fear. "Níl ort acht buile de'n slaitín draoidheachta a bhualadh orra," ar sise. Cuir sé a bheirt dhriotháir a bhaile agus chuaidh sé féin go dtí an Domhan Thiar. Tháinic sé i bpálás an Rí. Bhí an Rí tinn agus ní raibh istigh acht an inghin. Dfiafruigh sé do'n inghin cá raibh anam an Rígh? "Sa gcrann sin amuigh" ar sise. Tá rocha istigh i láir an crainn tá lacha i mbolg na rocha tá ubh i
Cailleach an Domhain Thoir [duchas:4595614]
mbolg na lacha agus is istigh annsin tá anam an Rígh. Fuair sé an ubh agus tug sé an inghean leis. Nuair a bhíodar sgathamh amach ar an bhfairrge connaic siad neal mór sa spéir. B'é an Rígh a bhí ann. Caith siad an ubh leis agus mharbhuigh siad é. D'filleadar abhaile go dtí an caisleán. Bhí dá réag inghin agus dá réag mac acu.
Original reference: 0007/3/3
Cailleach an Domhain Thoir
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5