Previous | Item 9 of 1788 |

Oíche Fhéile Bríde

Abstract: Story collected by Bairbre Ní Coisdealbha, a student at An Tulach school (Tully, Co. Galway) (no informant identified).

Original reference: 0062/2/84

Loading...School An Tulach [Vol. 0062, Chapter 0002]

County The Schools' Manuscript Collection : County Galway Schools

transcribed at

 

Oíche Fhéile Bríde [duchas:4583063]

Nuair a bhí mé fhéin agus Baibín Mhártin ag tigheacht abhaile ó'n sgoil an tráthnóna sin, chuir muid suas lé na chéile go rachadh muid ag imtheacht leis an m-Brideóg.  Nuair a tháinic mé fhéin abhaile ó'n sgoil, ní dheárna mé tada acht mo dhinnéar a ithe, agus sul a raibh mo dhínnéar ithte agam, siúd isteach Baibín an doras againn, agus dornán mór tuighe faoi na h-argaill aice.  Nuair chonnaic mo mháthair an dornán aice, thosuigh' gáiridhe agus dilbhaint sí.
"Go rábhála Dia sibh, beag an baoughal go dtiocfadh an oidhce amú orraibh."
Ná bac leis an oidhche anois," adeir Baibín acht bí réidh lé slám breágh airgid a thabhairt dhúinn nuair a bhéar an bhrídheóg seo gléasta suas againn."
Ghléas mé fhéin agus Baibín annsin suas an Bhrídeóg.  Nuair a bhí sí gléasta againn síos lé Baibín go dtí mo mháthair.
        "Anois," adeir Baibín ag síneadh a láimhe chuig mo mháthair, "líon í seo le he-airgead dhom.  Thug mo mháthair cupla pinghin di annsin agus dubhairt Baibín léi, "Mo Dia dhá dtárthail
      Agus go dtárrthuighe Dia sibh,
      Agus go mbeirimíd beó ar an am seo arís."
      "Amén," adeir a raibh istigh againn fhéin.
        Nuair a bhí muid ag imtheacht dubhairt mo mháthair, "Níor thug sibh breibh ar bith dom-sa, nó cá bhfuil siad? "Níor bhain muid chen ar bith fós iad," adeir Baibín, "nach mbeidh siad sáthach luath ambháireach agaibh."
        "Tá go maith," adeir mo mháthair, Ní raibh ach an chainnt sin ráidte ag mo

Oíche Fhéile Bríde [duchas:4583065]

mháthair nuair a d'airigh muid mo athar ag rádh, "Fainic na bfuil ciseán lé h-aghaidh na n-uibheacha agaibh?

        Siúd isteach liom fhéin agus thug mé liom an ceaintín mór leathan a bhí ar an mbord.  

        Dimthigh an bheirt againn linn agus go bródamhail dúinn fhéin.  Tigh Mhicil Bhearcla an dara teach a chuaidh muid agus seas muid sa doras agus dubhairt mé fhéin. "Teighidh ar bhúr nglúine agus abruighidh bhúr gcuid páidreacha agus leigidh Naomh Brígid isteach."

          "Taraidh isteach," adeir bean an tighe linn fhéin.  Isteach linn agus rug bean an tighe ar an mBrídeóg agus phóg sí í agus leí agus thug sí anuas cupla ubh againn agus leag sí síos na gceaintín go curamach iad.  "Go raibh maith agus fad saoghail agaibh," adeir mé fhéin, "agus go mba seacht bhfearr bhéar sibh an tam seo arís."  "Go mba hé dhaoibh," adeir bean an tighe linn.

           "Thug Baibín cupla brobh di annsin agus d'imthigh muid linn go bródhamh agus bhí muid ag tabhairt corr-shúil an an gceaintín ar fatchíos go mbriseadh na h-uibheacha orainn.  Bhí muid ag imtheacht linn ó theach go teach mar sin nó go raibh gach teach sa mbaile suibhalta againn, bhí leath an cheaintín mór de uibheacha againn agus sparán maith airgid.  'Sí Máire Chóilím a thug an srarán dúinn leis an airgead a chur ann.  Chuaidh muid ag an siopa annsin lé na h-uibheacha agus fuair mmuid airgead orra tug fear a'tsiopa cúpla pinghin eile lé cois dhúinn.

D'imthigh muid abhaile annsin agus roinn muid an t-airgead cothrom eadrainn ag dul abhaile dhúinn.  Bhí an bheirt againn ag léimeacht lé teann áthais, mar gheall ar a raibh d'airgead againn.  Nuair a tháinic mé abhaile bhí Máirtin i [?]agh rómham agus thosuigh sé ag iarraidh airgid orm, ach sin a raibh de mhaith dhó ann, mar is maith a bhí sé saothruighthe agam fhéin ar feadh na h-oidhche ag imtheacht ó theach go teach.  Acht choinnigh an pógaire beag ag tuineadh liom agus do ghrádh réidhtigh, agus lé gean do Bhrighid thug mé cúpla pighinn dhó

-Bairbre Ní Coistealba

Origin information
Tully, Co. Galway
Date created:
Type of Resource
text
Physical description
p. 0136-0138
Volume 0062
Note
Collected as part of the Schools' Folklore scheme, 1937-1938, under the supervision of teacher Tadhg Ó -- Dhuigneáin, Máire, Bean Uí Séaghdha.
Languages
Irish  
Genre
Folktale
Subject
Saint Brigid's Day   linked data (lcsh)
Feast of St Brigid--Féile Bríde
School location
TullyAn TulaighTullyKilcumminKillanninMoycullenGalway
Location
https://doi.org/10.7925/drs1.duchas_4623919
Location
University College Dublin. National Folklore Collection UCD .

Original reference: 0062/2/84

Suggested credit
"Oíche Fhéile Bríde"in "The Schools' Manuscript Collection," held by University College Dublin, National Folklore Collection UCD. © University College Dublin. Digital content by: Glenbeigh Records Management, published by UCD Library, University College Dublin <https://doi.org/10.7925/drs1.duchas_4623919>
Note
Collected as part of the Schools' Folklore scheme, 1937-1938, under the supervision of teacher Tadhg Ó -- Dhuigneáin, Máire, Bean Uí Séaghdha.
Funding
Supported by funding from the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht (Ireland), University College Dublin, and the National Folklore Foundation (Fondúireacht Bhéaloideas Éireann), 2014-2016.
Record source
Metadata creation date: 2014/2016 — Metadata created by Fiontar, Dublin City University, in collaboration with the National Folklore Collection UCD and UCD Library. Original Fiontar metadata converted into MODS by UCD Library.

Rights & Usage Conditions

Creative Commons License
Oíche Fhéile Bríde is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.

Copyright of the original resource: University College Dublin

To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5

Zebra_Session: The table 'session_data' is full