Abstract: Story collected by Brighid Ní Thacháin, a student at Lóthar school (Loher, Co. Kerry) (no informant identified).
Original reference: 0466/6/26
School Lóthar [Vol. 0466, Chapter 0006]
County The Schools' Manuscript Collection : County Kerry Schools
Naomh Patrúin an Cheantair [duchas:4735133]
Síadh na naoimh a bhí mórthímcheall na háite seo ná naomh Miceál, Naomh Cróchán, agus naomh Fíonán. Bhí áit cómhnuighthe féin ag gach duine aca. Bhí áit cómhnuighthe Naomh Cróchán i gCóad, Naomh Micheál i Baile na Scealg, agus Naoimh Fíonán i Loch Curráin. Ní fhada ó raibh lá le Mhíchíl agaínn. Thíar i nBaile na Sceilge atá tobair Mhíchíl. Do chómhnuig Naomh Cróchán i gCóad. Deirtear go bhfuil rían a glúine ar charraig, is mar seo do thárla. Nuair a bhíodh na saighdúirí Sasana ag faire ar
Naomh Patrúin an Cheantair [duchas:4735134]
na daoine naomhtha seo. Bhain Crochán naomhtha an carraig seo amach. Cuaidh sé cómh fada isteach féin gcarraig do sathadh sé féin isteach agus d'fhan sé ann cómh fada san go bhfuil a rían ar an gcarruig. Téigheann daoine ann gach bliadhain cun turas a thabhairt. Tá tobair beannuighthe eile ann agus tógann daoine trí deoch uisge as an dtobhair Naoimh Mhichil i mBaile na Sceilge, agus is mó duine a geibheann leigheas as an dtobair. Bhí fear ann fadó agus bhí mac aige. Bíodh an mac breóidhte seacht lá na seachtmhaine. Bhí lá le Mhíchíl cun teacht agus dubhairt an mac é bhreith cun an tobair. Deirighear roimh eiríghe
Naomh Patrúin an Cheantair [duchas:4735135]
na gréine ar maidin. I deire an tslíghe fuair an tathair tuirseach agus caith an mac bocht an slíghe do críochnú. Do dhein pé sceál é. Tháinig sé chun an tobair. Do ól sé cuid den uisge agus sa deireadh connaic sé íasc beag agus do mhairbh sé é. Rug sé leis abhaile é agus dhein sé é do bheirbhiúghadh, do leigheasadh an mac agus theip ar gach dochtúr é leigheas. Naomh Fínín. In Oileán an teampuil do chómhnuig sé, tá fothracha na seana teampuil ann fós. Tá tobair naomhtha ann leis. Ach ní chualadh go bhfuair aoinne leigheas as.
Original reference: 0466/6/26
Naomh Patrúin an Cheantair
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5