Abstract: Story collected by Máire Ní Bháinn, a student at Leamhchoill school (Laughil, Co. Galway) from informant Máirtín Báinn.
Original reference: 0064/4/16
School Leamhchoill [Vol. 0064, Chapter 0004]
County The Schools' Manuscript Collection : County Galway Schools
Bóithre an Cheantair [duchas:4609314]
dhá dhéanaimh. Bhí orra cliabh ghaimhne a iompchar ó clais-ghaimhne ‘na lár síos go dtí an bóthar. Bealach chruaidh fhada a bhí ann. Tosuigheann Bóthar Dhroma Beag ar barr an chnuic agus críochnuigheann sé istigh ag an mbaile. Tá sé déanta lé leath-chéad blian. Sé Tighearna Talmhan a thug an t-airgead dhóibh. An Sgoláir – Cáitlín Ní Oireachtaigh. A Seoladh – Leamhchoill, Maghcuilinn, Co. na Gaillimhe Ainm an duine a thug dí é – Mícheál Mac Oireachtaigh A Sheoladh - Leamhchoill, Maghcuilinn, Co. na Gaillimhe. Tá na mílte bóithre i bparráist Mhaghcilinn acht ní móran lé rádh an chuid is mó acú. Tá siad ‘na sean-bhóithre chaithte briste anois. Tá a ainm fhéin ag gach bóthar acú. Tábóthar ann ar a dtugtar Bóthar Leamhchoille agus ní fiú cainnt anois tá sé chómh briste lobhtha sin ach mar sin fhéin is féidir lé gluaisteán a imtheacht air chuid dhó
Bóithre an Cheantair [duchas:4609315]
Tosuigheann Bóthar Leamhchoille ag tigh Micheál Breathnach agus críochnuigheann sé ag Tigh Loideán. Níl fhios agam cáide déanta é acht dubhairt mo mháthair go raibh sé déanta sula rugadh í fhéin agus tá sé sin suas lé leath-chéad blian ó shoin. Sé Mícheál Mac Oireachtaigh, Tomás Búiréad agus Seán Ó Cadhain as Leamhchoill a rinne é agus ‘sé an páighe a fuaireadar as ná sgór púnt eatorra. Tá an píosa ó thigh Loideán go dtigh Mícheál Mac Oireachtaigh ‘na phíosa mhaith mar connuightear cóir air. Tácasadh ann ag tigh Shéamuis Bhreathnach agus tá fánáin síos as sin go tigh Mac Oireachtaigh. Tá an pIosa ó sin suas go tigh Micheál Breathnach ‘na bhóithrín chaol cham bhriste chaithte. Níor cuireadh aon cóir mhaith ariamh air ach cúpla sglaganna a chaitheadh síos ann timcheall dhá sgór blian ó shoin. Tábóthar eile ag rith ó thigh Shéamuis Breathnach go tigh m’athair. Siad na daoine a rinne é ná Murucha Ó Concubhair, Seán Ó Báinn agus Mícheál Mac Oireachtaigh as
Bóithre an Cheantair [duchas:4609316]
Leamhchoill timcheall trí sgór go leith blian ó shoin. Ní bhfuaireadar mórán airgid as ach beagán a thug an sagart párráiste beagáin dóibh. An Sean-Bhóithrín a tugtar air. Tá Bóthar Leitir-Righe ag rith ó’n gcros-bhóthar go Finnisglen. Is deas an bóthar é mar coinnigheadh cóir air go dtí lé goirid. Tá sé déanta le timcheall trí sgór blian. Rinne muinntear Chéadach é agus fuaireadar cúig púnt agus sgór sa mblian as. Tosuigheann bóthar eile ag críoch Bóthar Leitir-Righe agus tá sé ag dul isteach go Doirethuirc anois. Ní raibh sé ach ag dul chómh fada lé Sliabh-an-Aonaigh i dtosach ach cuireadh píosa as lé goirid. Cuireadh caoi air lé tamall anois. Tá sé déanta lé timcheall dhá sgór blian go leith ó shoin. Bóthar Sliabh-an-Aonaigh an t-ainm atá air. Tá bóthar eile ag dul isteach go Liath-Leitir ar a dtugtar Bóthar Liath-Leitir. Tá sé déanta timcheall lé céad blian. Níor cuireadh aon chóir air lé deich mblian ó shoin agus tá an locht sin air anois.
Bóithre an Cheantair [duchas:4609317]
Ar aghaidh Bóthar Liath-Leitir tá bóthar nua eile déanta. Rinneadh an bóthar seo timcheall is trí nó ceathar dhe bhlianta ó shoin. Tá sé ‘na bhóthar láidir ag dul isteach go dtí na portacha. An Bóthar Nua is ainm dó agus tá sé ag críochnughadh ag an Loch Beag. Timcheall is aon cheathramhadh dhe mhíle taobh thuas de’n bhóthar Nua tá bóthar eile ar a dtugtar Bóthar Dhroma Bheag. Tá sé déanta le na cinnte. Tá bóthar eile ag rith ó thigh Micheál Mac Oireachtaigh ar a dtugtar Bóthar Cill-a-Guala. Bóthar an-nua é seo. Nílsé déanta ach timcheall is cúig nó sé dhe bhlianta. Is gránna an píosa dhe bhóthar é mar tá sé cam cnocach agus is trioblóideach an rud dhe dhuine nó dhe beithidhigheach siubhal air. Tá cóir dhá choinneál air anois agus tá siad ag déanamh roinnt léibheálta é. Críochnuigheann an bóthar seo ag Claideach. Tá bóthar an Spidéil go’n cros-bhóthar i Leamhchoill ‘na bhóthar maith láidir anois mar tá cóir dhá choinneál air lé tamall
Original reference: 0064/4/16
Bóithre an Cheantair
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5