Abstract: Story collected by a student at Clochar na Toirbhirte, An Daingean school (Dingle, Co. Kerry) from informant Brighid Bean Uí Chinnéide.
Original reference: 0425/2/4
School Clochar na Toirbhirte, An Daingean [Vol. 0425, Chapter 0002]
County The Schools' Manuscript Collection : County Kerry Schools
Ard na Caithne tré Thine [duchas:4677529]
Bhí bean ann fadó agus do chómhnuigh sí sa Daingean. Oidhche amháin nuair do bhí sí ag áirneáil do tháinigh na púcaí chúiche. Do chuireadar corcán síos sa teine, agus do chuireadar an bhean síos go dtí an tobar chun uisge a thabhairt dóibh. Bhí faitchíos a h-anama ar an mhnaoi agus chuaidh sí síos. Do tharraing sí an t-uisge , agus nuair do bhí sí ag teacht aníos agus an buicéad uisge ar a ceann do chuala sí an guth a' rádh léi screadaigh ós árd leis na púcaí agus innsint dóibh go raibh Árd na Caithne tré theine. Annsan nuair a bheadh na púcaí imthighthe amach cosa na gcearc do ghlanadh agus an (tlúgh) do chur isteach sa teine. Do chuaidh an bhean suas go dtí an tigh , agus chómh luath is do shrois si an táirseach do ghlaoidh sí amach in árd a cinn is a gutha: "Tá Árd-na-Caithne tré theine". Nior fhan na púcaí le n-a thuille , do ritheadar amach chómh tapaidh is bá dhóbhair dóibh a chéile do mharbhú insan doras,
Ard na Caithne tré Thine [duchas:4677530]
agus as go brách leo fé dhéin Árd-na-Caithne agus iad ag satailt ar a chéile leis an bhfuadar a bhí fútha. Chómh luath is do bhí an tigh fúithe féin airís ag an mnaoi do nigh sí cosa na gcearc, agus do chuir sí an tlúgh isteach sa teine fé mar a dubhairt an guth léi. Do chuaidh na púcaí go dtí Árd-na-Caithne ach níor bhfada gur fhilleadar airís go dtí tigh na mná. Labhradar agus ar siad : "A chearc leig dúinn dul isteach". "Ní leigfidh mé," arsa'n chearc, "conus a bheinn ag sailiú mo chos díbh-se ?" Annsan labhradar leis an tlúigh. "A thlúigh oscail an doras dúinn," ar siad. "Conus d'fhéadfainn teacht amach as an teine dhíbh-se?"arsa'n tlúgh. Annsan do chuaidh na púcaí suas go dtí barr an tighe agus dheineadar poll mór ann. Bhiodar chun an bhean do bheirbhiú tréis dul isteach dóibh nuair do ghlaoidh an coileach agus b'éigean dóibh dul abhaile go h-Árd-na-Caithne.
Original reference: 0425/2/4
Ard na Caithne tré Thine
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5