Abstract: Story collected by a student at Clochar na Trócaire, Roscomáin school (Roscommon, Co. Roscommon) from informant Seán Ó Lochlainn.
Original reference: 0259/4/2
School Clochar na Trócaire, Roscomáin [Vol. 0259, Chapter 0004]
County The Schools' Manuscript Collection : County Roscommon Schools
Seanfhothracha [duchas:4793874]
Tá na Cnuic Caislín suidhte míle ó Béal Átha mBuillí agus tá tobar Naoimh Pádhraig suidhte ar cheann des na crannaibh seo faoi sgeich in áit ar a dtugtar "Leitirín". Tá rían chapaill Naoimh Pádhraig le feicéal ar chloic in aice an tobair chomh maith len a bhachal. Tá fothracha shean tséipéil ar na cnocaibh seo agus deirtear gur leightí Aifreann ann ar feadh na laethe
Seanfhothracha [duchas:4793875]
bPianamhail. Tá sé chomh h-aosta sin is ar éigin go bhfuil fiú na fothracha féin le feiceál, ach deireann na sean-daoine go raibh séipéal ann uair amháin. Tá fothracha sean-tséipéil eile san Pháirc Mhóir agus cuireadh ar lár é uair amháin agus chuaidh fir chun é d'ath-thógáil. D'iobruigheadar ar feadh lae agus d'fhágadar a n-úirlisí in a ndiaidh, agus nuair a d'fhilleadar an chéad lá eile, chonnaiceadar na h-úirlísi agus iad go léir clúduighthe le fiul. I gCill-Trustán tá fothracha sean t-séipéil a tógadh in aimsear Naoimh Trustán agus seo é an chaoi in a bhfuair an paróiste a ainm.
Original reference: 0259/4/2
Seanfhothracha
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5