Abstract: Story collected by a student at Cill Chiaráin school (Kilkieran, Co. Galway) (no informant identified).
Original reference: 0009/1/31
School Cill Chiaráin [Vol. 0009, Chapter 0001]
County The Schools' Manuscript Collection : County Galway Schools
Tomhaiseanna [duchas:4596203]
Rud beag ag fás ar chrann, chonnaic beirt é, thóg cúigear é, chogain dáréag é, agus leig aon duine amháin siar é. "Ubhall." Thuit mairt le aill, agus dheamhan crámh a briseadh ann. "Seilmide." Droichead ar loch, gan maide gan cloch. "Leac-oidhre ar uisge." Feicim-se é, agus ní fheiceann tusa é, agus is gaire dhuit-se é ná dom-sa. "Cúl do chinn." Chuaidh mé suas an bóithrín, casadh mo
Tomhaiseanna [duchas:4596204]
mhama dhom, bhí srón iarrainn uirthi agus méarachaibh airgid, is í chuireadh ruaig ar na préacháin. "Guna." Chuaidh sí soir, agus chuaidh sí siar, chuaidh sí i ngáirdíní Bhaile Átha Cliath, ba mhó a greim, ná greim capaill, bhain sí plaic chomh mór le asal, agus ní bhlaiseadh sí aon bhiadh. "Speall." "Lúrabóg, Lárabóg." "Lúrabóg Lárabóg, buidhe ó n-Éirinn, Éire plubán, plubán súlach, súil na gcaorach, dhá chéad lumán, lumán, láthaigh, súistín, búistín, buille bheag ar bhéicín, buille bheag ar bharr na gcos agus cnap isteach an fhaoideóig bhuidhe."
Original reference: 0009/1/31
Tomhaiseanna
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5