Abstract: Story collected by Brighid Buiréad, a student at Leamhchoill school (Laughil, Co. Galway) from informant Brighid Buiréad.
Original reference: 0064/4/36
School Leamhchoill [Vol. 0064, Chapter 0004]
County The Schools' Manuscript Collection : County Galway Schools
Tomhaiseanna agus Cleasanna [duchas:4609349]
Cé’n rud a bhíonn’s ag corruigh is ag corruigh is nár chorruigh ariamh as a áit? – iorrbal na muice. Chuaidh cheathrar de Mhuinntir Chró ag baint slat lá ceo. An t-slat nár bhaineadar thugadar leo í agus an t-slat a bhaineadar chaitheadar uatha í – préacháin ag piocadh a gcuid cleiteacha. Teachtaire ó theach go teach is bíonn sé amuigh san oidhche – Chasán. Fear fada gléigeal is crios a dhá thaobh fhéin air. – púnánn coirce. Chuadhas suas an bóithrín. Thángas anuas an bainne is thugas an bóithrín ar mo dhruim liom – dréimre. Chaith mé suas é chómh bán le sneachta agus thuit sé anuas cómh buidhe le ór – ubh. An Sgoláir – Brighid Buiréad. A Seoladh – Leamhchoill, Mághchuilinn, Co. na Gaillimhe. An duine a thug dí iad – Brighid Buiréad. A Seoladh – Leamhchoill, Mághchuilinn, Co. na Gaillimhe. 11 Bean fhada dhubh agus í an-fhada amuigh – cruach móna. Bíonn sé ar buis agus bíonn sé ar bais
Original reference: 0064/4/36
Tomhaiseanna agus Cleasanna
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5