Abstract: Story collected by a student at An Tor school (Tor, Co. Donegal) (no informant identified).
Original reference: 1066/1/57
School An Tor [Vol. 1066, Chapter 0001]
County The Schools' Manuscript Collection : County Donegal Schools
Tomhaiseanna [duchas:4402799]
Caidé rachas suas nuair a thig an fhearthainn anuas. (Scath Fearthanna.) Go h-ard le balla, go milis le mil, go bán le bainne, go dearg le fuil. (Ubhla) bhí mise gabhail an bealach mór lá amháin agus casadh beirt fhear orm. Shiubhal mé liom giota eile agus casadh beirt bhan orm agus páiste le gach duine aca ar a dhruim. D'fhiafruigh siad damh ar casadh fir ar bith orm. Dubhairt mé gur casadh. Bhal ar siadsan, sin ar gcuid aithreacha inne agus aithreacha na bpáistí agus aithreacha móra na bpáistí. Caidé an gaol a bhí aca dó chéile. (Sin cuid n-ingheanacha na bhfear agus phós gach fear aca n-inghean an fhir eile.) Corcán ór lán dé fheoil bheo. (Méaracán ar mhéar duine) Muiltín iarann agus ruball olna air. (Snathad mhór agus snáithe olna intí.) Bairille ar an tráigh agus a dhá cheann druidte. (Uibh) Tá sé amuigh, tá sé astoigh tá sé sa chlúdaigh agus dhá chéad súl air (Reidil)
Tomhaiseanna [duchas:4402801]
Chuaidh sé thart ar an teach agus isteach i bpoll na h-eochrach. (Gaoth Mór.) beití, beití taobh amuigh de'n chlaidhe, na bain thusa do bheití agus ní bhainfidh beití duit. (Coll Faithche.) Tomhais orm tomhais ort caidé an dealg a chuir Brighid sa bhrat. (Súithche.) Chuartaigh mé go bhfuair mé é agus nuair a fuair mé é chaith mé ar shiubhal é agus nuair nach bhfuair mé é thug mé liom na bhaile é. (Dealg in dó chois.) Tcím é is ní fheicim é, tcím ar chnoc na h-aiteanaighe é. Siubhlann sé an bán agus ní imthigheann sé gan cuideachta. (Bás) Caidé an rud a gcaithfidh tú giota a bhaint dó le é dhéanamh fada go leor. (Uaigh.) Fear a rinne é ní chaith sé ariamh é, agus an fear a chaith é ní fhacaidh sé ariamh é. (Culaith báis.) Rug cearc go leith uibh go leith ina lá go leith, cé mhéid lá a nglacfadh sé cearc amháin sé uibhe a rugaint. (4 lá.) Bhí ceig ocht ngallún uisce beatha líonta, agus ceig cúig ngallún follamh, agus ceig trí ngallún follamh. Caithfidh
Tomhaiseanna [duchas:4402802]
ceithre gallún dó chuir isteach i gceig na gcúig gallun gan dadaidh agat le é i roinnt ach ceig na dtrí n-gallun, Caide an dóigh a dtiocfadh leat é rannt. Frg. Líonfeá ceig na dtrí gallún chead uair agus chuirfeá isteach i gceig na gcúig gallun é. Líonfeá ceig na dtrí gallún arais agus ní choinneochadh ceig na gcúig n-gallún acht beirt aca. Bhí ceann amháin annsin fágtha i gceig na dtrí ghallun. Annsin dhóirteacha ceig na gcúig n-gallún isteach i gceig na h-ocht n-gallún. Annsin dhóirteacha an gallún a bhí fagtha i gceig na gcúign-gallún isteach i gceig na dtrí n-gallún. Annsin bhí seachtar i gceig na n-ocht n-gallún agus ceann amháin a gceann na gcúig n-gallún. Líonfeá ceig na dtrí gallún amach as ceig na h-ocht ghallún agus doirteacha isteach i gceig na gcuig gallún é. Bhí ceathrar annsin i gceig na gcúig gallún agus ceathrar i gceig na h-ocht ghallún. Cad chuige a dtéigheann an madadh thart trí h-uaire sular dteigh sé a luighe. Mar nach bhfuil fios aige cá bhfuil ceann nó cos na leabtha.
Original reference: 1066/1/57
Tomhaiseanna
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5