Abstract: Story collected by Pádraig Ó Baoighill, a student at An Tor school (Tor, Co. Donegal) from informant Anna Ní Baoighill.
Original reference: 1066/1/54
School An Tor [Vol. 1066, Chapter 0001]
County The Schools' Manuscript Collection : County Donegal Schools
Tomhaiseanna [duchas:4402796]
Tá sé i bhfos, tá sé thall tá sé ag Sean ar a cuid bídh, tá sé fríd an t-sáile liath as níl blas ar uibh gan é (Sallan) Comh h-árd le balla, comh bán le bainne, comh dearg le fuil, comh milis le mil. (Ubhla) Mathair mór ar chúl an cófra agus dhá chéad cóta uirthi. (Gas Gabaiste.) Dhá chos ar an talamh agus trí chos i n-airde, ceann an duine beó i mbeál an duine marbh. (Pota ar cheann duine) Corcán ór lán de fheoil bheó. (Méaracán) Síos an sa cuibhreann tchím an tuan glas míle bean uasal ag damhsa go deas, gúna gorm agus gúna glas, da bheithfá ag tomhais go bráth ní thomhaisfeá sin. (Blátha ar pr???) Tcíoann fear bocht achan lá é. Ní fheiceann fear uasal ach
Tomhaiseanna [duchas:4402797]
uair é agus ní fhacaidh Dia ariamh é. (Fear níos fearr nó é fhéin.) Muiltín iarran is ruball olna air. (Snaithe astoigh an snathad.) Tchim é 's ní fheicim é siúd ar chnoc na h-aiteanaighe é luigheann sé sa drúcht is ní éirigheann sé gan cuideachta. (Bás.) Tomhais orm tomhais ort caide mó chuir Bríghid dealg sa bhrat. (Bior eireógaí.) Shiubhail sé shoir agus shiubhail sé shiar, shiubhail sé Corcaigh agus gárradh Baile Átha Cliath. Bhain sé greim comh mór le capall is ba mhó an greim nó greim asala is níor bhlais sé ariamh an biadh. (Speal.) Cé seo chugainn fríd an fairrge bean is cóta dearg oirthí agus snáithe dearg in na léinigh. (Tua Ceatha.)
Tomhaiseanna [duchas:4402798]
Is fearr focal sa chúirt ná punta sa sparán. Tobac indiaidh biadh agus ar bhean an toighe sin. Ná cur an t-uisge salach amach go dtiocfaidh an t-uisge glan isteach. Dá bhfeicfann goll agus Dia ar leana na bhfiann agus g(?) fheiceál ar lár deárfann go bé Dia an fear a bhfearr. Nuair a shíleas duine bheith le na leas b'fhéidir go bé (?le na ) aimhleas a bhéadh sé.
Original reference: 1066/1/54
Tomhaiseanna
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5