Abstract: Story collected by Nóra Nic Comhghaill, a student at An Tor school (Tor, Co. Donegal) from informant Pádruig Mac Comhghaill.
Original reference: 1066/1/43
School An Tor [Vol. 1066, Chapter 0001]
County The Schools' Manuscript Collection : County Donegal Schools
Tomhaiseanna [duchas:4402762]
Bairille ar an tráigh agus a dhá cheann druidte. (uibh) Chuartaigh mé go bhfuair mé, agus nuair a fuair mé chaith mé ar shiubhal mé, agus nuair nach bhfuair(?) mé é, thug mé liom ná bhaile é. (dealg in dó chois) Chuaidh sé thart ar an teach, agus isteach i bpoll na h-eochrach. (gaoth) Tcím é, is ní fheicim é, tcím ar chnoc na h-aiteanaighe é, siubhlann sé an bán agus ní imthigheann sé gan cuideachta. (bás.) Siúd thart ar an teach é, agus an dreibhlín ina diaidh. (chearc agus ná h-éanacha) Go h-árd lé balla, go milis lé mil, go bán lé bainne agus go dearg lé fuil. (ubhla.) Tá sé amuigh, tá sé istoigh, tá sé ina shuidhe sa chlúduigh agus dhá chéad súl air. (reidil.) Chuaidh mé amach idir dhá chnoc, agus isteach eadar dhá uisce. (bean agus gabha uisce léithe.) Chuaidh mé suas air, tháinig mé anuas air, agus thug mé liom ar mó dhruim é. (dréimire) Chuaidh mé isteach i siopa lé dhá phinghinn, caidé an rud ba éadtroma bheadh amach liom. (stampa) Chaith mé rud geal suas ins an aer, agus tháinig sé anuas buidhe. (uibh.) Dá gcaillfinn sá leath choróin agus í fhághail, caidé dhéanfainn nuair a gheobhainn í. (stad a cuartughadh) Rug cearc go leith, ubh go leith ina lá go leith, cé mhéid lá ghlacadh sé cearc amháin sé uibhe a rugadh, (?) Corcán óir lán de fheoil bheo. (méaracán) Tháinig sé isteach ar dhroim na ndaoine agus chuaidh sé amach chomh mín lé síoda. (móin.) Bog, bog idir dhá bhog, bog thusa bog aca, agus bogaidh an dhá bhog. (asal is péire feadhnógaí) Má chumhduigheann crúb elephant leath acra tallamh, caidé chumhdóchadh an ruball (tóin)
Tomhaiseanna [duchas:4402773]
Caol díreach an ród, sin a bealach mór in aithghiorra. Más fada an lá tiocfaidh an oidhche. Cuir síoda ar ghabhar is gabhar i gcomhnuidha é. An té nach bfuil ciall aige, bhéarfaidh an saoghal ciall dó. Éist le fuaim na h-abhann agus gheobhaidh tú breac. Is glas iad na cnuic i bhfad uainn. Bíonn súil lé muir ach ní bhíonn súil lé uaigh. Más fada an lá, tiocfaidh an oidhche. Más olc maol is measa mullach. An té bhíos buaidheartha, bidh sé bogadaigh. An té nach bfuil ciall aige, bhéarfaidh an saoghal ciall dó. An té nach ndéan i ghnoithe in am, béidh sé ná phlé-seam. Leig chum an bhodaigh mé, ach ná leig an bodach chugam. Is maith(?) rud a mhaireas i gcomhnuidhe. Is fada an bealach mór, nach bhfuil coradh ann. Is olc an madadh nach fiú fead a dhéanamh. Níor bhris dhá fhocal fiacal ariamh. Is fearr focal sá chúirt ná punt sá sparán. An té is lugha céill is cóir a rogha a chead uair. An té atá dóigheamhal tá sé furast a chóiriughadh. An té bíos gan chéill bíthear ag magadh air. Níor dhruid Dia doras ariamh nach bhfoscalochadh sé ceann eile. An rud a tchidh an leanbh sé ghnídh an leanbh. Ní fhanann muir le fear sotail. Grástaí san t-sean-am. Ins an t-sean-am Oidhche na Marbh , bá ghnáth leis na sean daoiní pota brúightín a ghlanadh. Bheadh sé bruithte aca i n-am luidhe. Scuabfadh siad an t-urlár agus nighfeadh siad na soithigh fá chuinne na mairbh, mar bheadh siad ag meas gur sin an oidhche a thiocfadh siad. Nuair a bhéadh an méid sin déanta aca, d'fhágfadh siad pota brúightín a chois ná teineadh agus spúnog sáithte ann. Ar maidín lá thar na bhárach nuair a d'éireochadh siad, bhéadh an pota folamh. D'imthigh ná grástaí sin uilig anois, agus níl dadaidh de'n tseort sin ann anois.
Original reference: 1066/1/43
Tomhaiseanna
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5