Abstract: Story collected by Pádhraig Buiréad, a student at Leamhchoill school (Laughil, Co. Galway) from informant Máire Ní Cheallaigh.
Original reference: 0064/4/34
School Leamhchoill [Vol. 0064, Chapter 0004]
County The Schools' Manuscript Collection : County Galway Schools
Tomhaiseanna agus Cleasanna [duchas:4609346]
amháin agus an méid eile. Cé mhéid loch a dhéanfadh abhainn? – Ceann amháin dá mbeadh sé sáthach doimhin. Tagann sé isteach ar dhruim na ndaoine agus téigheann sé amach chómh mín le síoda. – An mhóin. Fear beag i n-a seasamh le claidhe. Itheann sé arán acht ní itheann sé uisge – Teinne. Seasann sé le balla acht ní seasann sé leis fhéin – an tlú. Teach beag gan fuinneóg gan doras – Ubh. An Sgoláir – Caitlín Ní Oireachtaigh. A Seoladh – Leamhchoill, Mághchuilinn, Co. na Gaillimhe. An Duine a thug dí iad – Mícheál Mac Oireachtaigh A sheoladh – Leamhchoill, Mághchuilinn, Co. na Gaillimhe. Tá fhios agam teach agus ní thiocfadh loch beag isteach ann – agus ní chómhairfeadh an méid fir atá sa mbaile mór an méid fuinneóg atá air – Méaracán. Chuaidh mé suas an bóithrín. Cé chasadh dhom acht Máirtín. Chuir mé i mo phóca í. Thosaigh sí ag easgainigh.
Tomhaiseanna agus Cleasanna [duchas:4609347]
Thosaigh mé ghá bualadh Chaith mé ag na lachain í Agus d’ith na lachain í – Uasgán Uisge. Chaith mé suas é chómh bán le sneachta agus tháinic sé anuas chómh buidhe le ór – Ubh. Tá sé ann ó thús an t-saoghail agus níl sé ráidte d’aois – an ghealach. Chuaidh mé suas an bóithrín agus tháinic mé anuas an bóithrín agus d’iomchur mé an bóithrín ar mo druim – Dréimre. Níl sé amuigh ort agus níl sé istigh ort agus tá sé ort – D’ainm. An méid cupáin atá ag an Righ agus an méid capaill atá sa bparráiste ní tharraineochadh siad aníos é. – An fairrge mhór. Nuair atá cearc ag ithe coirce cé mhéid gob a fhágann sí ar an talamh – An gob céadna. Itheann sé gach a bhfághann sé acht ní ólann sé uisge – teine. Sean-bhean i n-a suidhe ar an teach ag caitheamh tobac – an simléar.
Original reference: 0064/4/34
Tomhaiseanna agus Cleasanna
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5