Abstract: Story collected by Máire Ní Raghallaigh, a student at Leamhchoill school (Laughil, Co. Galway) from informant Padhraig Ó Raghallaigh.
Original reference: 0064/4/32
School Leamhchoill [Vol. 0064, Chapter 0004]
County The Schools' Manuscript Collection : County Galway Schools
Tomhaiseanna agus Cleasanna [duchas:4609343]
“Cá bhfuil an giorán bán agus an giorán dubh” “Tá siad imthighthe ag na rásaí”. “Cá bhfuil na rásaí?” Idir dhá ghleann. Fiche sgalpóg mór fiche sgalpóg beag Fiche doirne beag agus fiche dóirne mór D’aoinne a lábhras go lábhrfaidh an té atá i n-áirde. An Sgoláir – Máire Bhreathnach. A Seoladh – Leamhchoill, Mághchuilinn, Co. na Gaillimhe An duine a thug dí é – Séamus Breathnach A Sheoladh – Leamhchoill, Maghchuilinn, Co. na Gaillimhe 6 Suidheann gach páiste thart timcheall an teine san ngeimhreadh nuair a bhíonn na h-oidhcheannta fada agus sineann siad a gcosa amach uatha agus déanann an t-athair lurabóg-larabog. Bíonn bata beag aige agus leagann sé ar chois gach páiste é. Deireann sé leis an gcéad duine: “Lurabog, larabog”. An dara duine: “biadh ann indé”. An triomhadh duine “méid an priobán”
Tomhaiseanna agus Cleasanna [duchas:4609344]
leis an ceathradh duine “príobán súlach” An cúigeadh duine “súlach seicne”. An semhadh duine “seicne fiú” An seachtadh duine “múilin búisdín”. An t-ochtadh duine “buile beag dá phéicín” Crap iateach an iadóg bhuidhe seo. Chuaidh mé suas an bóithrín agus thug mé an bóithrín ar mo dhruim – Dréimre. Capaillín stadáilte, babáilte donn Shiubhalfadh sí Éire agus ní fhliuchfadh sí cos – beach Cé’n rud a bhíonn’s ag corruigh is ag corruigh is nár corruigh ariamh as a h-áit – Druball na muice. Cé’n rud a bhfuil sa gcárr nach bhfuil maitheas ar bith leis is nach dtig leis dhul gan é – torran. Tháinig sé isteach ar dhruim na ndaoine agus chuaidh sé amach chómh mín lé sioda – Móin An Sgoláir – Máire Ní Raghallaigh A Seoladh – Leamhchoill, Mághchuilinn, Co. na Gaillimhe An duine a thug dí iad – Padhraig Ó Raghallaigh A Sheoladh – Leamhchoill, Mághchuilinn, Co. na Gaillimhe
Original reference: 0064/4/32
Tomhaiseanna agus Cleasanna
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5