Abstract: Story collected by Sinéad Nic Liaim, a student at Clochar na Trócaire, An Clochán school (Clifden, Co. Galway) (no informant identified).
Original reference: 0004/5/23
School Clochar na Trócaire, An Clochán [Vol. 0004, Chapter 0005]
County The Schools' Manuscript Collection : County Galway Schools
Tomhaiseanna [duchas:4594876]
1. Fear caol dubh ' na seasamh ar mullach an chnuic is gach a bhfuil de photógaibh ina corp ar creatadh leis an olc. Freagra - Gunna. 2. Tháinic ceithre cosa isteach, chuaidh cúig cosa amac, caith dhá chois trí cóis ag iarraidh an cos a chuaidh amach a thabhairt isteach. Freagra - Caora a mharbhuigh fear an tighe is sgiob an gadhar ceann dá cuid cosa is chaith fear an tighe stól trí cosa leis an ngadhar ag iarraidh cois na caorach a bhaint de. 3. Gilin ó gile thar farraige anoir, fear innsint mo scéal gan féith na fuil. Freagra - Litir. 4. Sheas mé amach i ndoras mo Dhaide Ó agus chonnaic mé an rud marbh ag iomchur an fir beo. Freagra - Bád. 5. Ceathrar chloinne a chuaidh ag bainnt slat; an t-slat a bhaineadar chaitheadar uatha é agus an t-slat nár bhaineadar thugadar leo é. Freagra= gé. 6. Chuaidh mé ina coille ag iarraidh cárr adhmuid. Thug mé abhaile craol cárr dhé agus ní raibh órdlach de camh ná díreach. Freagra - Minn ságha. 7.Muilt iarainn agus roball olann as. Freagra - Snáthadh mór
Tomhaiseanna [duchas:4594877]
8. Each caol dubh agus a aghaidh sa sruth agus dubhslán a bhfuil in Éirinn a dul ar a cruit. Freagra - Eascain 9. Cé mhéid roball coinín a shroicheas an t-aer? Freagra - Aon cheann amháin, dá mbeadh sé fada. 10. Fluich, fluich síos é, giobach, giobach suas é agus fionnach ar a bun. Freagra :- Giolcach. 11. Bíonn sí thoir, bíonn sí thiar, bíonn sí i ngarrai dhiannta? Bhláth Cliath. Is mó a greim ná greim capall agus ní bhlasann sí an bidh? Freagra:- Speal. 12. Caipillín Bobáilte donn, scubhalfadh sí an domhan agus ni fhluichadh sí a cois. Freagra :- Beach. 13. Mo Dhada bocht bocht is a maide faoi nocht agus é dul ag ól deoch i dtobar na fiasióga. Freagra:- Spigneanta 14. Cnap sáile faoi bun coille agus gan aon easna ann. Freagra :- Seilmide. 15. Is cruinne é ná do cheann is sia é ná na mílte crann. Freagra:- Circlín snátha. 16. Domhnacha Dubh ar an drisúr agus é gá tachta. Freagra:- Buidéal agus corca ann. 17. Siúd ar t-aghaidh é agus pus air. Freagra:- Croth
Tomhaiseanna [duchas:4594878]
18. Céard is doimhne ná Ifreann? Freagra - Méaracán táilliúra 19. Teach mór mór é; coinnleóir óir é; tomhais go tapaidh nó sgaoil thart é. Freagra= Flaitheas 20. Súid fé'n stól é; súid fe'n gcomhra é; súid amach an doras é is cá bhfuil an fear a bhéarfadh air? Freagra = Gaoth 21. Mo Dhaid bocht, bocht agus a mhaide fé'n ucht agus é aige sileadh na ndeór chuile lá fluich. Freagra = Buntsop 22. Tá garraidhe beag thiar annsin d'íosfadh sé a dtiocfadh agus a dtáinic agus ní thuibhradh sé oiread an grainne. Freagra = Roilg 23. Cé'n fáth go mbíonn na mná ag féachaint ar an ngealaigh? Freagra = Mar tá fear innte. 24. Cé'n rud is náirighe sa domhan? Freagra = Clog, bíonn a lámha i gcomhnaidhe ar a éadan. 25. Dearbhráthair a bhí ag dearbhráthair m'athar ag níorbh ' uncail domsa, an té sin Freagra = M' athair féin. 26. Ní fuil is ní feóil is ní cnámh é acht is ar fuil agus ar feoil a d'fhás sé. Bain an ceann de agus gléas deoch dó agus dhéanfa sé réidhteach idir dhá namhaid. Freagra = Cleite peann
Tomhaiseanna [duchas:4594879]
28. Bíonn sé thuas bíonn sé thíos agus bíonn sé ingáirdínibh Bhaile Átha Cliath. Is mó a greim ná greim chapaill, ach ní itheann sé rud ar bith. Freagra = Speal. 29. Chugam chugam tríd an sáile, fear áluinn na gréine; fear an cóta dearg agus snátha dearg tríd a léine. Freagra = Gliomach 30. Trí cosa in áirde dhá chois ar thalamh ceann an duine beo i mbéal an duine mhairbh. Freagra = Pota ar cheann duine. 31. Cén cuid de'n bó is aoirde Freagra = A géim. 32. Chonnaic beirt é bhain cúigear é; ceangail dáréag é agus leag aoinne amháin siar é. Freagra = Ubhall. 33. Chonnaic fear gan súilibh ubhlaí ar chrann. Níor thug sé ubhlaí agus níor fhág sé ubhlaí ann. Freagra = Ní raibh ar an gcrann acht péire. 34. Mo Dhadó ar chúl an córtha agus dhá chéad cóta air. Freagra = Gas gabáiste 35. Dhá bhó bhuidhe ar thaoibh an chnuic; Ceann san oidhche agus ceann sa ló. Freagra = An ghealach agus an ghrian. 36. D'éirigh mé maidin lá ceoigh; chuala mé géim is ní géim coilligh é na géim bó, ní éan ó is níl sé beo. Freagra = Leac oidhre a' sgoilteadh.
Tomhaiseanna [duchas:4594880]
37. Is fearr saor síorbhuailteach ná saor sárbhuailteach. Is fearr an saor a bhíos ag obair i gcomhnuidhe n?á an saor leisgiúil nach leanann de'n obair de ghn?áth. 38. "Dhá bhó bhuidhe ar taobh an cnuich Ceann san oidhche agus ceann sa ló Nuair a thagas siad le chéile Sin é an t-am a gheibheas an domhan bás." Freagra = An ghrian agus an ghealach. 39. Céard a shiubhlann agus a cheann faoi. Freagra :- Táirghne bróige 40. Trí mhuca fiadh ag dul droichead an bhidh gad ar do ghiall mar a dtomhaise tú sín. Freagra :- Trí bhád 41. Ce'n fáth nach suibhlann an cat ar bharr chliadhe. Freagra:- Ní féidir leis siubhal faoi. 42. Gad a bhí i bpota agam, pota a bhí in gad agam. Thuit an pota uaim agus d'fhan an gad agam. Freagra : Pota ar bhris an lúb ann. 43. Bíonn sé sa móinfhúr is ní gea?rrtar é. Bíonn sé san abhainn agus ní bháidhtear é. Bíonn sé san siopa is ní díoltar é. Freagra:- Gath Gréine
Tomhaiseanna [duchas:4594881]
45. Fuair mé neadín ar shliabh san áit nach bhfuair aoinne ariamh lúbín taisge mo chroidhe; sin tomhas orraibh muintir an tighe. Freagra :- Nead a bhí i gcluais bó. 46. Trí cosa in airde dhá chois ar thalamh ceann an duine beo i mbéal an duine marbh. Freagra :- Pota ar ceann duine. 47. Cén cuid den bhó is aoirde Freagra :- A géim. 48. Cé mhéid gob a bhuaileas cearc ar an urláir go mbeidh sí sasta. Freagra :- Aon ghob amháin. 49. Sioc samhraidh is annamh ann é agus bain ainm mná as sin Freagra :- Áine 51. Céard is duibhe ná an fear dubh? Freagra :- A chuid clúmhaighe 52. Cé mhéid cois ar ucht muilt? Freagra :- Péire. 53. Uisge guirt gan salann gan sáile? Freagra :- Deora. 54. Fear ag siubhal na trágha is a bhothán ar a dhruim aige Freagra :- Seilmide
Tomhaiseanna [duchas:4594882]
55. Ní fuil, ní feoil agus ní cnámh é Is as fuil 's feoil a d'fhás sé. Freagra :- peann cleite. 56. Cím é agus ní fheiceann tusa é. Cím é i dtor cuillin é, Siubhalann sé an ban agus an drúcht ní bhriseann sé Freagra :- Scáth an duine. Ceann an duine beo i mbéal an duine marbh Freagra :- Duine agus pota ar ceann aige. Cuir mo mhumaire chuig mo mhainire mé ag iarraidh poll an ridire, radaire, poll an ridire radire a ruasgadh Freagra :- gloine Sinéad Nic Liam.
Original reference: 0004/5/23
Tomhaiseanna
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5