Abstract: Story collected by Caitlín Ní Dhubhgáin, a student at An Tor school (Tor, Co. Donegal) from informant Padruig 'Ac Gallchobhair.
Original reference: 1066/1/24
School An Tor [Vol. 1066, Chapter 0001]
County The Schools' Manuscript Collection : County Donegal Schools
Tomhaiseanna [duchas:4402603]
Tomhais orm, tomhais ort, caidé an dealg a chur brighid sá bhrat. (Súithche) Chuaidh beirt clann Chonaill chraobhaigh amach na chnuic maidín cheo, agus an méid a fuair siad chaith siad uatha é, agus an méid nach bhfuair bhí sé leó. (féasóg) Tarann sé leis fhéin, agus ní imthigheann sé gan cuideachta. (bás) Baraille ar an tráigh agus a dhá cheann druidte (Uibh) Toit sa choillidh agus gan teinidh ar bith. (ceo) Chuaigh mé suas an boithrín, tháinig mé anuas an boithrín, agus thug mé an boithrín ar mo dhruim liom. (dréimire) Trí cosa ináirde, dhá chos ar an talamh, ceann an duine bheo i mbéal an duine mharbh. (pota ar cheann duine.) Ceathrar ná rith, ceathrar ar crith, beirt ar an eolas, gus an róidín ar deireadh. (bó) Mo ghiola beag caol ná luidhe ag an tobar, tá a cheann cruaidh mol, mol leis an obair, ní itheann sé arán, ní ólann sé bainne, ní stadann sé is cuma cé an obair. (peann) Tá sé amuigh, agus astoigh, idir an taer agus an talamh. (fuinneog) Teachtaire beag ó theach go teach, agus codlann sé amuigh san oidhche. (bealach mór) Lán gáraidh dó chaoirigh bána, agus caora dhearg ina measc. (Dó chár agus dó theangaidh.) Tá maoilín beag amuigh annsin, agus tá cuilt agus plainncead Féile Muire uirrthi. (cruach) Tá maoilín beag amuigh annsin agus tá trí chéad gamhain aicí. (An ghealach 'sna réaltógaí) Bog, bog idir dhá bhog, bog thusa bog acú agus bogaidh an dá bhog eile. (asal as feadhnógaí) Thig sé isteach idir dhá láimh duine agus amach chomh mín le síoda (móin) Siúd thall é, siúd i bhfos é, ní luaithe thall nó bhfos é. (maide briste.)
Tomhaiseanna [duchas:4402604]
Chuaidh bean amach idir dhá chnoc, agus isteach idir dhá uisce. (Bean agus dhá bhuceid uisce léithe.) Chuaidh sé suas bán agus tháinig sé anuas buidhe. (uibh) Caidé rachas suas nuair thiocfas an fhearthainn anuas. (scath fearthanna) Teidheann sé anonn thar sáile, agus anall a mála, agus níl bliadhain ar bith nach mbaintear lumairt dó. (líon) Gearán beag babailte, stabailte donn, siubhalann sé Éirinn 'sní fhliuchann sé bonn. (beathóg)
Original reference: 1066/1/24
Tomhaiseanna
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5