Abstract: Story collected by Pádhraig Ó Gionnain, a student at Naomh Seosamh, Shrule school (Shrule, Co. Mayo) (no informant identified).
Original reference: 0102/1/63
School Naomh Seosamh, Shrule [Vol. 0102, Chapter 0001]
County The Schools' Manuscript Collection : County Mayo Schools
Béaloideas [duchas:4351862]
Bhí a lán bóithre thart ar Sruthar, Bóthar Buidhe, Bóthar Dealgain, Bóthar Áth Chinn, Bóthar Thuama agus Bóthar Cille Meadhon. Uair amháin in aice (?) ar Bhóthar Dealgain bhí sean-bhóthar ann. Bhí sé ag dul go Dreac(?). Níl an bóthar seo in úsáid anois mar tá féar ag fás ann anois. Rinneadh é san droch saoghal. Ní bhíodh na mná ag obair ar an mbóthar seo. Bhí áth ins an abhainn i Sruthar fadó. Áth Sruthair an t-ainm a bhí ar an áit seo. Caiple is mó a bhíodh ag na daoine an t-am sin agus théadh [?] na caiple treasna an átha. -Pádhraig Ó Gionnáin.
Original reference: 0102/1/63
Béaloideas
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5