Abstract: Story collected by a student at Camross, Mountrath school (Camross, Co. Laois) (no informant identified).
Original reference: 0826/3/6
School Camross, Mountrath [Vol. 0826, Chapter 0003]
County The Schools' Manuscript Collection : Laois County Schools
Mian Droichead [duchas:4765206]
'Sé an bhrígh atá le Mian-Droichead na Droichead os cionn na Méine. Tugtar Tuarcán ar an abhainn anois. Fásann sé i Sléibhte Bladhma, gobhann sé thar an róid agus téidheann se isteach sa bhFeóir. Tá Mian-Droichead i gceanntar Coill Uachtaracha. Bhí mainistir annso in allód. Do chuir Naomh Iasrian an mainistir ar bhun. Cailleadh e san mbliadhain 600. Portach mór fairsing an áit in a ceangluigheann an dó abhainn le chéile:- An Tuarcán agus an Fheóir. Ad imeall an portaigh seo tá macaire mór talmain folláin agus is annso a bhí seana-mhainistir. Tá se roinnte anos i gceithre coda - seo iad - Páirc na Cille, Seana-chill, Gáirdín na Manach, agus Páirc an Dúin. Bhí an chill i bPáirc na Cille, ach ní'l a rean ann anois. Bhí sé ceithre slata déag an faidh agus seacht slata an leitead. "Eaglais" an tsean -ainm a bhíodh ar an gcill. Céad slat ar an dtaobh thoir ó'n gcill atá Gáirdín na Manach. Fuarthas corcán mór trí chora agus claidheamh d'únga dá troigh an faid i bPortach Méine Droichid le déanaighe.
Original reference: 0826/3/6
Mian Droichead
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5