Abstract: Story collected by Máiréad Ní Fhathartaigh, a student at Inis Niadh school (Inishnee, Co. Galway) from informant Tomás Ó Fathartaigh.
Original reference: 0007/3/27
School Inis Niadh [Vol. 0007, Chapter 0003]
County The Schools' Manuscript Collection : County Galway Schools
Droichead Inis Ní [duchas:4595654]
Rinneadh an droichéad sa mbliadhan 1884. Roimhe sin ní raibh aon bealach lé dul amach acht i mbád. Bhí m'athair ag obair ar an droichead. Lá amháin bhí lán báid do dhaoine ag dul trasna. Bhí beirt fear ar an dtalamh agus thosuigh siad ag caitheadh clocaí. D'iompuigh an bád agus báthadh gach duine acu acht beirt nó triúir. Níor báthadh m'athair sábháil fear eile é. Agus ó shoin i leith deirtear go bhfuil sidheóga ins an droicead. Bhí m'athair ag obair i gCloch na Rón uair amháin maidin amháin agus é ag dul amach agus bhí fear mór ar an mbóthar agus an céad maidin eile bhí sé ann arís, agus an tríomhadh maidin bhí fear eile leis agus ní fhacha sé tada.
Original reference: 0007/3/27
Droichead Inis Ní
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5