Abstract: Story collected by Bairibre Níc Dhonnchadha, a student at Scoil Níoclás (Cailíní) school (Claddagh, Co. Galway) (no informant identified).
Original reference: 0031/3/6
School Scoil Níoclás (Cailíní) [Vol. 0031, Chapter 0003]
County The Schools' Manuscript Collection : County Galway Schools
Leigheasanna [duchas:4565342]
Sileadh Síadháin: - Nuair a bhíonn do theanga bheag tuitigh anuas ar do theanga eile tugtar sileadh síadháin air, agus sé an chaoi chun sin a leigheas ná - spúnóg a chuir siar imbéal an duine agus trí ribe áirighthe imallach a chínn agus é seo a dhéanamh trí lá in dhiaidh a chéile. Scornach Tinn: - Nuair a bheadh scórnach tínn sé seo an chaoí le e a leigheas: - Frioctán a cuir ar an teine agus salann garbh a chuir air. nuair a bheadh sé te é a chuir isteach istoca agus é a cur timceall do mhuinéil. An Truich: - Nuair a bheadh an truich ar duine gheobhaidís pláta agus ghearraidís turnopaí timceall ar imchall an pláta agus annsin siúcra donn a cuir isteach ilár an phláta. Nuair a bfagaidís thar oidche é bheadh síaróib déanta aige agus nuair a dólaidís é sin bheadh siad leigheasta.
Original reference: 0031/3/6
Leigheasanna
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5