Abstract: Story collected by Luighreach Ní Chonmhaighe, a student at Cromán (C.) school (Cromane, Co. Kerry) (no informant identified).
Original reference: 0437/2/189
School Cromán (C.) [Vol. 0437, Chapter 0002]
County The Schools' Manuscript Collection : County Kerry Schools
Daoine Cáiliúla - Fir Láidre [duchas:4687553]
Uair amháin bhí Domhnall Ó Súileabháin, Dúcha, Gleann-Bheithe agus triúr fear eile ag tarrach na gcloch mór. Bhí cloch mhór throm ann geall le dhá céad meadhchaint agus do theip ar na triúr fear é do thógáil. Shíleadar annsaoin nár bh'féidir le h-aon duine aca é do thógáil 'na aonar. Ach nuair a tháinig turas Dhómhnaill do thóg sé an chloch 'na bhacalann agus do chuir sé isteach san gcárr é 'na aonar. Do thóg Séamus Ó Conchubhair, Dúcha, Gleann Bheithe mála plúir agus mála mine le chéile agus do chuir sé isteach sa charr iad.
Original reference: 0437/2/189
Daoine Cáiliúla - Fir Láidre
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5