Abstract: Story collected by Dómhnaill Ó Fotharta, a student at Scoil Níoclás (Cailíní) school (Claddagh, Co. Galway) (no informant identified).
Original reference: 0031/3/8
School Scoil Níoclás (Cailíní) [Vol. 0031, Chapter 0003]
County The Schools' Manuscript Collection : County Galway Schools
Aithrí Phádhraic Seogha [duchas:4565346]
I Is trom m'osna agus ní gan fáth, 'S is tursach an lá é ag fear mo sgéil, Agus gan fios ag neach fir nó mná, Cia an nós atáim nó cia shé mé. II Peacach ciontach mise atá, Anois i sain ag an eug, Gan orlach bacaird ionnam slán Le fhad ár táim in-aghaidh Dé. III Sónta buile, lot go cnaimh, Gortughadh goimheach a'dul i phréimh, Ag m'anam bocht tá in gach gadh, Ó igar mo pháirt le grásta Dé. IV An uair a gheallaim mo dhéanadh slán Ní chaithim an lá go n-deanaimh bréug; Air nós na lacha a thígh ó'n t-snamh Agus a luidhear i lár na linne tar éis
Aithrí Phádhraic Seogha [duchas:4565347]
V Oc! mo lot mo chriach 's mo chrádh, Mo bhrón bháis agus mo lá léin, Agus a Thighearna a d'fulang domh d'crádh; A's mé gach lá a'dul i d-treás. VI Daoradh ad'amh a bhean 'sa dhánn Faoi an toradh bhaint de neamh-thoil Dé, Och! is mise an té nár feuch air m'ais Gur raobh mé amach na chuig aithne deug. VII Bhí mé seal m'feár mar táir Gur chaith mé an dáta bhí 'n mo bhéas; Ta mé anois air leaba an bháis, I mo chuailín cnámh gan rith gan léimh VIII Tabhair faoí d'aire a duine slán, Cuir i gcás go bhfuil tú treun, Tiochfaidh duitre a bheith mar táimh Acht ní beidead-sa mar táir airís go eugh.
Aithrí Phádhraic Seogha [duchas:4565348]
IX D'imthigh an seasadh, an rspreacadh, an luthaidh, An smior 'san súgh ar mo cnámh; D'imthígh an lasadh ar mo ghruaidh. Chríon mo ghruaigh ár thuit mo bhláth. X Tá mo leaca air dhath an ghuail, Agus an t-achar suas ní bhfhuigheadh go bráth Tháinich orm gach le uair Foirm thruaillidh in a n-áit, Bodhaire, luibre, bocáil, criotáil, truaill, Dearóil, duairc agus fuair air dháimh XI Is é deir mo bhean, sé deir mo clann, Nuair bhidhim a'caint "coirg do beul', Má tá tú bodar níl tú balbh A'r da m-beidhtheá marbh beidh bheag an sgéal." III 'Sé deir, mo cháirde, mo ghaol 's mo dáimh Ní shé amháin 'sé deirm féin, "Dá - m-beidheadh m'anam air staid na ngrás Gur deas an áit a bheith in sa' g-cré"
Aithrí Phádhraic Seogha [duchas:4565349]
Sgreadaim ort a Thíghearna le guth árd, Gidheadh gur dána an gníomh "dom" é, Agus liachda bliadhain a fuair me slán Gan oibruighadh sáimh air bith 'mo dhiaigh
Original reference: 0031/3/8
Aithrí Phádhraic Seogha
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5