Abstract: Story collected by Pádraig O Bhailís, a student at Naomh Breandán, Gaillimh school (Galway, Co. Galway) from informant an unidentified informant.
Original reference: 0031/4/31
School Naomh Breandán, Gaillimh [Vol. 0031, Chapter 0004]
County The Schools' Manuscript Collection : County Galway Schools
Tiarnaí Talún [duchas:4565426]
Bhí tighearna talamhana ann fadó agus bhí sé an-t-saidhbhir agus d'fhág sé tighearna eile ós cíonn an talamh. Thárla go raibh bhean an-bhocht san áit agus ní raibh sí indon an cíos a ioc agus bhí an tighearna seo a dul dá a chur amach as an teach an lá seo. Bhí an tighearna niór ag dul thart an lá seo agus tháinic slabhradh ocrais air. Chuaidh sé isteach i dteach na mná seo agus d'iarr sé béile ar an mbean, Chuirfinn-se síos pota fataí dhuit ach cé'n mhaith dhuit iad gan aon bhlas leo. Tá an tanlan agam féin adheir sé agus rug sé greim ar sgian phóca a bhí ar an mbord agus sháith sé an mhuic agus dubhairt se léithe a beith ag ithe go mbeadh a sáith íthte aice. Thug sé leitir dhé nuair a bhí sé ag imtheacht agus nuair a tháinic an tighearna talamhana eile thug sí an leitir dhó agus dubhairt sé léithe go raibh a chosa nighte aice. Bhí fear ann fadó agus bhíodh sé ag ioc a chuid cíosa go maith nó gur bríseadh as a phost é. Nuair a briseadh ní raibh aon airgead aige le h-aghaidh an cíos a ioc. Ní raibh aon ola aige agus ní raibh siad indon aon
Tiarnaí Talún [duchas:4565427]
choinnlé a dhéanamh le haghaidh solas a thabhairt dóibh: Bhí sé ag ithe a shuipéar le solas na geallaigh nuair a tháinic fear inaice leis d'fhiafruigh sé dhó an raibh aon mhaith leis ag bualadh báire. Chuaidh sé féin agus fuireann eile ag bualadh (b) agus bhí an báire thart nuair a chur sé amach an leathróid annsan gcool agus bhí sé saidhbhir uaidh sin amach.
Original reference: 0031/4/31
Tiarnaí Talún
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5