Abstract: Story collected by Pádraig Ó Bhailís, a student at Naomh Breandán, Gaillimh school (Galway, Co. Galway) from informant an unidentified informant.
Original reference: 0031/4/18
School Naomh Breandán, Gaillimh [Vol. 0031, Chapter 0004]
County The Schools' Manuscript Collection : County Galway Schools
Scéal [duchas:4565367]
Bhí trúir chailíní i na gcomhnaidhe i dteach beag thiar an domhan thiar fadó. Bhíodh fathach ag goid gabáiste uatha agus chuaidh ceann aca amach an oidhche seo agus nuair a tháinic an fathach thug sé leis í go dtí an domhan thoir. Nuair a bhí sé ag dul amach thug sé cead dí dul isteach i ngach seomra ach i gceann amháin. Nuair a bhí sé bailighthe leis chuaidh se isteach ins an seomra ach nuair a thainic sé amach bhí a lámha lan le fuil. Nuiar a tháinic an fathach isteach mharbhuigh se í agus bhailigh sé leis siar go dtí an domhain thiar. Ní raibh sé i bhfad ins an ngáirdín nuair a tháinic ceann eile amach agus thug sé leis í go dtí an domhan thoir. Nuair a bhí sé ag sul amach dubhairt sé léithe dul isteach i ngach seomra ach i gceann amháin. Nuair a bhí sé imthighthe chuaidh sí isteach i ngach seomra agus nuair a tháinic sí amach bhí a cuid lámha lán le fuil. Nuair a tháinic an fathach isteach mharbhuigh sé í agus rith sé leis go dtí an domhan thiar. Nuair a bhí sé tamall annsin tháinic ceann eile
Scéal [duchas:4565368]
amach agus thug an fathach leis í go dtí an domhan thoir. Nuair a bhí sé ag dul amach thug sé cead dhí dul dul isteach i ngach seomra ach i gceann amháin. Bhí go maithnó gur raibh sé imthightghthe agus do chuaidh sí isteach ann. Nuair a tháinic sí amach bhí a cuid lámha lán le fuil ach san am céadhna buaileadh an doras agus tháinic fear beag isteach. Thug sé buidéal beag dhí agus chaith sí braon de'n buidéal ar a lámha agus d'imthigh an fuil. Nuair a tháinic an fathach isteach líon sé mála óir agus chuaidh sé amach arís. Nuair a fuair an cailín imthighthe é chuir sí an mála ar a druim agus thúg sí léithe é isteach ins an seomra agus chaith sí braon de'n bhuidéal ar an gcailín eile agus bhí sí beo. Nuair a tháinic an fathach isteach chuaidh sí síos ins an mála agus chaith an fathach an mála isteach ins an teach. An lá i na dhiaidh chuaidh an ceann eile síos ins an mála agus ní raibh 'is ag an bhfathach ariamh é nó gur thug sé an truír aca go dtí an domhan thiar arís.
Original reference: 0031/4/18
Scéal
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5