Abstract: Story collected by a student at Naomh Breandán, Gaillimh school (Galway, Co. Galway) (no informant identified).
Original reference: 0031/4/20
School Naomh Breandán, Gaillimh [Vol. 0031, Chapter 0004]
County The Schools' Manuscript Collection : County Galway Schools
Scéal [duchas:4565371]
Bhí fear ann fadó agus ní raibh aon chéard aige ach a bheith ag baint fraoch agus dhá dhíol. An lá seo chuaidh sé amach idir dhá loch agus is gearr fur shuidh sé síos ag leigint a sgeith. Ní raibh sé i bhfad mar sin go bhfaca sé a bhó féin agus thosuigh sé ag dul abhail léithe. Is gearr go dtáinnic sé go dtí páirc a raibh na sídheoga ag bualadh báire. Bhí an-spóirt aige ach is gearr gur buaileadh an liathróid ins an t-súil air agus bhí sé dall. Nuair a fuair sé amhrac a shúile ar ais bhí an bhó imthighthe. Chuaidh sé dá (cuarduig) cuarduidh agus ní raibh aon tuairisg le fághail uirthí. Ar maidin nuair a dhuisigh sé chuaidh sé amach arís agus chonnaic sé caisleán mór. Nuair a bhí sé ag breathnúighadh ar an gcaisleán chonnaic sé an bhó agus dhá fear dá faire. Thairg siad os dhá phunt is dheich sgilleacha dhó ach ní raibh aon mhaith ann. Thairg siad trí phunt dhó agus thóig se éach nuair a chuaidh sé abhaile ní raibh aige ach póca follamh.
Original reference: 0031/4/20
Scéal
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5