Abstract: Story collected by a student at Cnoc na Bró school (Knocknabro, Co. Kerry) (no informant identified).
Original reference: 0457/3/50
School Cnoc na Bró [Vol. 0457, Chapter 0003]
County The Schools' Manuscript Collection : County Kerry Schools
Piseoga Ime [duchas:4712449]
Piseóga Ime Bhí sean-cailleach i gCarraig an Ime fadó go mbíodh de cáil uirthi go bhféadfadh sí ím na gcómharsain do goid tré phiseóga drabhlaidheachta a bhíodh ar siúbhal aici nuair a bhead cuigeann dhá dhéanamh ag duine éigin agus cuigeann dá dhéanamh ag an am céadhna. Agus an rann so a bhíodh sí a rádh. “Rath Dé ar an gcuigeann seo Sop agus ribe innti. Si ceirtlíní ime uirthe. Im an bhaile seo thoir. Im an bhaile seo thíar. Im Cháit is Shíghle, Máire is Bríghide I gcóir an cíosa. An t-soithig a líonadh Is im a’ tsagairt féin Cé gur deacair liom é iarraidh Ach mar sin féin tagadh sé. Come butter, come butter, come butter.
Original reference: 0457/3/50
Piseoga Ime
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5