Abstract: Story collected by a student at An Bloscaod Mór school (Great Blasket Island, Co. Kerry) (no informant identified).
Original reference: 0418/2/58
School An Bloscaod Mór [Vol. 0418, Chapter 0002]
County The Schools' Manuscript Collection : County Kerry Schools
Áiteanna [duchas:4674109]
An Bloscaod Mór — Tháinig an ainm ó'n bhfocal "Blosc" a chialluigheann rud a thabharfhadh foithin duit nó a choimeádfhadh an ghaoth uait. Toisc scata oileán bheag a bheith scaipighthe sa bhfarraighe ag deanamh fothanna d'á chéile a thugadh an ainm sin ortha. Dúnchaoin:— Indhiaidh taoisig de mhuinntir Chuinn go raibh fearthainn aige sa pharroiste sin. Corcha Dhuibhne: Bannríoghain do Chlanna Míleadh d'ár b'ainm di Duibhinn a tháinig i dtír taobh thiar do'n Dún Mhór agus a chuir chúithe sa ceanntar í féin is a complacht. An Buailtín — ó'n bhfocal "buaille" nó áit crúidhte na mbó. San áit go bhfuil an tsráid bheag anois is annsan a bhailightí na ba fadó chun iad a chrúdhadh. Coimineól: Com-an-Iarla an chéad ainm ó Iarla Chorcaige a bhí mar thighearna talmhan ins an áit.
Original reference: 0418/2/58
Áiteanna
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5