Abstract: Story collected by a student at Camross, Mountrath school (Camross, Co. Laois) (no informant identified).
Original reference: 0826/3/3
School Camross, Mountrath [Vol. 0826, Chapter 0003]
County The Schools' Manuscript Collection : Laois County Schools
Cloch Naoimh Caoimhín [duchas:4765202]
Cloch Naoimh Caomhighín
Cloch Naoimh Caoimhín [duchas:4765203]
Naomh Mochomoch a chuir mainistir an ar bhun san mbliadhain 550. Thug sé an mainistir seo do Naomh Caomhan - dearbhráthair do Naomh Caomhighín ó Gleann Dá Loch. Níl aon trácht ar Eanach Truim ó aimsir Naoimh Caomhain. Do lean na manaigh in a gcómhnuidhe ann go dtí dara haois déág. Bain na sagairt paróiste uatha é annsan. Fothracha atá ann ó 1832. Tá cill Protostúnach ann anois. Níl fágtha anois de'n seana-mhainistir ach seomra chloch. In san reilig ag dul leis an tseana-mhainistir atá muinntir Dubhsláinghe, muinntir Oyticín agus muinntir Cináin curtha. Deir na sean daoine gurab é an áit in a bhfuil muinntir Antoine curtha seomra an naoimh fhéin; ach de réir an Dr. Mac Alastair is gach rud a' baint leis an seachtmhadh aois déag gach rud atá le fághail in Eanach-Truim. Tá sgéal ag dul le Eanach Truim. Lá brothallach chuaidh Naomh Coamhan go dtí an tobar. Tar eis deoch a dhóladh, thuit a codladh air. 'S a chodladh dó, goideadh a chuid bhróg. Nuair a d'eirigh sé bhí fearg mhór air agus chuir sé a mhallacht ar an áit, agus seo é:- "Go raibh clann in imreas i gcómhnuidhe in Eanach-Truim"
Original reference: 0826/3/3
Cloch Naoimh Caoimhín
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5