Abstract: Story collected by a student at Ursuline Convent, Sligo school (Sligo, Co. Sligo) from informant Áine Ní Chonaire.
Original reference: 0161/2/1
School Ursuline Convent, Sligo [Vol. 0161, Chapter 0002]
County The Schools' Manuscript Collection : County Sligo Schools
Ursuline Convent, Sligo [duchas:4692450]
Hoch! hoch! a chapaillín, Cá raibh tusa aréir? Bhí mé i n-Iorras bheag, Ceárd a fuair tú ann ? Fuair mé crúba capaillín gan salann, Is bláthach bhog, bhog, bhog. An dreóilín Tháinic an dreóilín go doras tighe an táilliúra, bhuail sé cos air , bhain sé clár as , mara ndéanaidh tusa cóta dhom is'Velvet" le na chába, beidh e ag gabhail de dhornaí ort go millidh me do chnámha is ólamuid an crúiscín is dheamhan deóir ann. Bád beat is bád mór, bád beag is bád mór , bád beat is bád mór, ag mo Cheaillichín fionn. bád beat is bád mór, bád beat is bád mór. Agus luingis fá sheol ag mo Cheallichín fionn. ar leanúint.
Ursuline Convent, Sligo [duchas:4692451]
lá chuaidh sé chun geallta le sean-sliogán báirneach, Cé bhuaidh an geall? Ach . mo Ceaillichín fionn, Púnt go deaideo, punt go Mamieo, 'S an chuid eile le n-ól ag mo Cheaillichín Firinn. Cá raibh tú feín ó mhaidin ? a'seoladh mo dhá bhó. is na sídhe ag imirt a gcleasa mo stóirín mhealladh leo. Grádh mo chroidhe , mo stór , grádh mo chroidhe , mo thaisce, 'S tú mo chuid an t-saoghail, "S tú leanbh bán do mhama. Meig! geig! ars'an gabhar, Who's meig ? ars'n chaora Bedad, ars'an gabhar, tá gaedhilg ag an chaoirigh
Ursuline Convent, Sligo [duchas:4692452]
Is deas an baile, an bail seo, Is deas an baile , i n-a mbím -se, Is was an bail, chile bail, Ach doirín glas na bhfaochan. Óro ! Óro! óro Peadar Óro Peadar, abair amhrán Ce'n chaoir an -abróchaidh Peadar é Is an teach ailing a' comhrád. Óro! óro! óro Peadar Oro Peadar buail an bóthar, Cé'n chaoi a mbuailfidh Peadar é? Is gan tosaigh fá n-a bhrógaibh. Oro! óro! óro Peadar, Oro Peadar bog an páisde, dheamhan a mbogfaidh Peadar é, go bhfuigidh se - scríobadh an t-sáspain. Ribe, Ribe Roibéis, Tabhair dhom bárr do dhriobaill go dtí i mbárach (iasc beag bídeach ins na linntibh'réis imtheachta amach do 'n taoide)
Ursuline Convent, Sligo [duchas:4692453]
drúichtín , dráichtín , ruidín deas a chaill mé, go gcuiridh dis ar fagháil é. (ar lorg rud éicint san bhféar.) Tá nead ag an bpuislín paislín Tá nead ag an geaislín cloch Tá nead ag an eínín nach dtuilleann é Is tá nead ag an maoilín dod. Chuaidh mé isteadh i dteach aréir, D'iarr mé cárt ar bean - a'- leanna, 'Sé dubhairt sí lir dheamhan a deór Ní bheidh mise ag ól annso go maidin. Curfá:- Níl sé i n-a ló , is níl go fóill, Níl sé i-n-a oidhche ná i n-a mhaidin níl sé i n-a ló , is ní bheidh go foíll, Ní mór ná uair ó d'éirigh an ghealach. Éirigh id' shuidhe , a fhear a ' tighe . Cuir ort do bhríste is do hata.
Ursuline Convent, Sligo [duchas:4692454]
nuair go gcoinnighidh tú ceól leis an duine cóir A bhéas ag ól annso go maidin. Curfá Níl sé in -a lá , is níl go fóill, Chuir mé feín mo lámh, mo phóca d'iarr mé briseach c'roinneach ortha , 'Se dubhairt sé liom, buail an bord, gheobhaidh tú cárt dtí an galún. Lúibín ó lúib, Lúibín ó lúib, bí luath agus bí láidir, Níl sé sa tír - se , ch'n laighead mo chás air, * 1 Tá sé sa gcré agus feár fada a fás air Lúibín o lúib,bí luath agus bí láidir, *2 Liachtaighe sin lúibín i gcúilín mo ghrádh sa, lúibín ó lúib bí luath agus bí láidir. Lúibín ó lúib, bí luath agus bí láidir 'Nois tá labhrás ag tornáil chuain Árainn luibín ó lúib bí luath agus bí laidir. *1 Tá sé i Sligeach Tá sé i gCill Bhricaín *2 liachtaige sin stoc ar chnoc ag mo ghrádh -sa.
Ursuline Convent, Sligo [duchas:4692455]
ag bogadh an chliabhaín dí. deheen dee ó didlum, nach ait an mac an saoghal,]do heen dee o didlum, mo ghean ar ghear gan ghaol, doheen dee ó didlum, nach fada siar a' bhó doheen , dee ó didlúm , a bhligheas mo stór fós, doheen dee ó didlúm , nach úd í traen a seacht, doheen dee ó didlum, tá mo stór ar a First Class. Doheen dee ó didlum. Tá caoirigh agus muilt doheen dee ó didlum, ag mo stór fá bhun a chnuic.
Original reference: 0161/2/1
hoch! hoch! A chapaillín, ¶ Cá raibh tusa aréir?
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5