Abstract: Story collected by Pádraig de Búrca, a student at Leitir school (Letter East, Co. Kerry) from informant Seán Ua Gráda.
Original reference: 0473/1/26
School Leitir [Vol. 0473, Chapter 0001]
County The Schools' Manuscript Collection : County Kerry Schools
Donnchadh Rua [duchas:4737458]
Donnchadh Ruadh Oidhche Bealtaine fadó, do bhí fear darab ainm Donnchadh Ruadh ag gabháil thar lios, agus d’airig sé ceol áluinn istig. D’fhéach sé ina thímcheall, agus do bhí poll sa lios taobh leis. Isteach leis, agus do bhí n sídheoga ag rinnce istig, agus gach saghas bídh ar bórd achu. Thugadar go dtí an bórd é, agus dúbhradar leis a dhóthín d’ithe. Nuair a bhí a dhóithin ithte agus ólta aige, bhí sé ag féachaint ortha ag rinnce, go dtí gur cheap sé go raibh cúpla úir de’n chloig imthighthe. Amach leis as an lios annsan acht bhí sóinseál ar gach áit. Cuaidh sé ar aghaidh acht níor aithnig sé a thig féin. Bhuail fear óg leis ar an mbóthar, agus d’iarr sé air cérbh é a athair. Dúbhairt an fear óg leis go raibh a athair marbh le cúig bliadhna déag, agus gur Donnchadh Ruadh an ainm a bhí air. “Mise Donnchadh Ruadh,” arsan an fear eile, “agus cheapas ná raibh acht cúpla uir de’n clog imthighthe ó’n ar
Donnchadh Rua [duchas:4737459]
cuadhas isteach sa lios sin thiar, agus de réir mar fheicim táim taréis cúig bliana déag do chaitheamh ann.” Chuaidh sé abhaile len a mhac annsan, acht a bhean ana aosta agus do bhí áthas a croidhe uirthi uirthí. Nuair do chonnaich í a céile, agus mhaireadar fé shéan go deireadh a saoghail. Pádraig De Búrcha a sgríobh Seán Ua Gráda (55) d’aithris Cúl-na-h-Airighíl Gleannbeithe. Co. Ciarraidhe.
Original reference: 0473/1/26
Donnchadh Rua
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5