Abstract: Story collected by Pádraig Ó Cathalláin, a student at Smerwick (B.) school (Murreagh, Co. Kerry) from informant Seán Ó Cathalláin.
Original reference: 0420/3/22
School Smerwick (B.) [Vol. 0420, Chapter 0003]
County The Schools' Manuscript Collection : County Kerry Schools
Scéal Beag agus Seanrann [duchas:4675432]
Bhí Eoghan Ruadh Súilleabháin ag na stáisiúin i dtig dá chómharsain fadó. Nuair a bhí na daoine baillighthe chun an Aifrinn tháinig an dá shagart agus chuaidh duine acu ins ga cúinne de'n dtig ag tabhairt faoistine uatha. Do tháinig Eoghan Ruadh eatortha istig agus thug a dhrom leis an adharta. Níor thaithnig san leis na fagairt agus dúbhairt duine aca leis imtheacht as san agus gan a bheith ag éisteacht le faoistine gach duine a thiocfadh. D'imthig Eoghan síos agus shuidh ar chúpla fód móna a bhí i mbun an tíghe. Tar éis tama thornuig an t-aifreann ach níor chuir Eóghan ao t-suím ann ná ní bhain sé dho a chaipín rith an Aifrinn. Tar éis an Aifrinn chuaidh duine des
Scéal Beag agus Seanrann [duchas:4675433]
na sagairt chuige agus d'fhiafruig do cad é an sagart creidimh a bhí aige nó an gcreideann sé i nDia. D'fhreagair Eoghan é agus dúbhairt; Ní shí an Bhochtaineacht ba mheasa liom a bheith síos go deó, Ach an tarscaine a leanan í ná leighiseadh león, Má tá an t-Athair ceart mar aon leis an Eaglais, Níl brígh nár nglór, ach ní feárr dul go dtí an Aifreann ná suidhe ar an móin.
Original reference: 0420/3/22
Scéal Beag agus Seanrann
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5