Abstract: Story collected by a student at Louisburgh school (Louisburgh, Co. Mayo) from informant Pat Mc Donnell.
Original reference: 0137/1/5
School Louisburgh [Vol. 0137, Chapter 0001]
County The Schools' Manuscript Collection : County Mayo Schools
An Chúileann [duchas:4368064]
Sean-Leagain a fuarthas sa bParóiste Dhá b'fheictheasa an Cúilfionn 'sí ag siubhail ar na bóithre Tígheacht sa tráthnóna 'gus an drúcht ar a bróga 'Sí mo shearc í 'sí mo rioghain í, 'súil truaigh aici lé h-óige, Go dtuig sí an bárr-múinte ar cúig cúigí na dtír í b'fógluim. Bean-Síde:- "Go mbeannuigh Dia dhuit a dhuine uasail, ós tú is deireannaighe d'fhág an baile Goidé an chaoi a bhfuil do sweetheart nó an bhfuil sí mar is maith liom Tá sí tinn tréith-lag í b[h]fiabhras in a leabaidh, 'S mé lé cúig ráithe idir lámh go mo lagadh."
An Chúileann [duchas:4368065]
"Cé'r miste féin dhuide dhá mbéadh sí gan anam Gheobhthá maighdean deas cúmrach ar thaobh dheas do leaba A mbéidh aici ba, caoraigh, gur saoirse ar talamh Cead agat bheith ghá bréagadh ghá ithe go maidin." Fear: "Éist a bhean uasail is ná bí fúm féin ag magadh, Tá muirir óg lag orm is ní súil dom iad a sgaipeadh Má tá agat ba, caoraigh nó saoirse ar talamh Tógadh tusa do rogha céile dhuit féin nó bí follamh." Bean-síde: "An cuimhin leat an an oidhche bhí mise 'gus tusa,
An Chúileann [duchas:4368066]
Faoi bhun an chrann caorthann an oidhche cur coisin, Gan faisceadh ón' ngaoth ann ná dídean ón' bhfearthann Acht mo clóca cur fúinne 's do chóta cur tharainn." Fear: "Níl stoca orm 's níl bróg orm, níl cóta orm ná léine Níl dhá pinginn im póca is go b'fóiridh Mac Dé orm Do ghluias mé leat a stóirín sar a póg mé do béilín A chuisle is a stór gheal do phósadh ní fhéadaim." Fear: (sa mbaile ag cainnt lén' a ghiolla) "Eirigh id shuidhe a bhuacaill is cuir a dhiallaid ar mo giorrán Go leanfaidh mé an stuaidh-bhean faoi uaigneas na gcnocán
An Chúileann [duchas:4368067]
Bhí sí ghá luadh liom ó bí sí 'na leanabán 'S gur mine liomí naoi n-uaire ná na cuacha ná na tharragáin." Fuaireas an amhrán seo ó Phádraic Ó Domhnaill agus fuair seisean é ó dhuine darbh ainm dó Ó Máille as Aill Mór ar an dtaobh thiar de Chluan Cearbán.
Original reference: 0137/1/5
An Chúileann
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5