Abstract: Story collected by a student at An Bloscaod Mór school (Great Blasket Island, Co. Kerry) (no informant identified).
Original reference: 0419/1/7
School An Bloscaod Mór [Vol. 0419, Chapter 0001]
County The Schools' Manuscript Collection : County Kerry Schools
Scéalta Crábhaidh [duchas:4674326]
Scealta crábhaidh. Bhí fear ann fadó. Bhíodh sé dul ag déanamh Néibhíona san t-sáipéal gach lá. Bhí sé lán do chrampí. Bhí íomháig i dtaobh an t-sáiléil agus chuige sin a bhíodh sé á dhéanamh. Sé an chiall go raibh sé 'á dhéanamh ná chuin na gcrampí a leigheas. Lá amháin tháinig sé chun an t-sáipéil agus dubhairt leis an íomháigh "Tá fios aige Dia mar a mbeidh na crampí imhthighe as domsa amáireach tiocfhad agus déanfhad smidríní duit le buile don maide seo im dhorn." Bhí an sagart ag éisteacht leis, istig i mbosca na faosdaine. D'eirig sé nuair a d'imhthig an fear agus thóg sé an t-íomhaig agus chuir sé ceannín beag in a ionad. Tháing an fear air maidin. D'feach sé air an bpictiúir.Bhí ionghnadh agus alltacht air
Scéalta Crábhaidh [duchas:4674327]
agus dubhairt. "Mo ghriadhin tú cá bhfuil t-athair?". Chualaidh an sagart e agus ba d'óbair go mbrisfheadh sé a chroidhe ag gáirídhe.
Original reference: 0419/1/7
Scéalta Crábhaidh
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5