Abstract: Story collected by a student at An Bloscaod Mór school (Great Blasket Island, Co. Kerry) (no informant identified).
Original reference: 0418/2/54
School An Bloscaod Mór [Vol. 0418, Chapter 0002]
County The Schools' Manuscript Collection : County Kerry Schools
Tomhaiseanna Seanda ó Chorca Dhuibhne [duchas:4674172]
1. Chuaidh beirt mhac Shéamuis an Daill ag baint chraoibhe maidean bhreágh aoibhinn cheóidh. An méid a bhaineadar d'fágadar na ndiaidh is an méid nár bhaineadar tugadar leó. Freagra:— Dhá phréachán a bhí ag stathadh a gcuid cleití. 2.Thuit úbhall le faill, connaic beirt é, d'ith dháréag é, shlog aoinne amháin é. Freagra:— Duine ag itheadh ubhall. [an dá shúil = an bheirt a connaic é; an fhaill = an scórnach; an daréag = fiacla.] 3. Tá tig annso thiar is geibheann na céadhta slighe ann, is ní bhfaighinnse ná mo chuid éadaig slighe ann. Freagra:— S. Nead siongán. 4. Cad é an fás bliana is sia le fághail? Freagra:— Olann caorach, mar nuair a sníghtear na snáth í, ní bhíonn teóra le na faid. 5. Cím chúgham tríd an sáile peidhliceán na gréine fear an chóta deirg is snáithín dearg na léine. Freagra:— Gliomach.
Tomhaiseanna Seanda ó Chorca Dhuibhne [duchas:4674173]
6. Inghean an rí is í go teann, cúl a coise trí na ceann, fáinne óir ar bhárr a baise, is stúmpa caillig tá sí ann. Freagra:— Tuagh. 7. Chuadhas go Lonndain is chonnac iongantas, trí corcáin ag fiuchadh is gan aon spré fútha. Freagra:— Trí corcáin aoil a's uisce ortha nó Trí tobair fíor-uisce ag brúchtadh aníos. 8. Bíonn sé shoir, is bíonn sé shiar is bíonn sé ina póca ag an mbean liath. Freagra:— Snaois. 9. Léine a deineadh ní do shíoda, do mhac rí a rugadh le buadh; bhí scáth na gréine trí na taobh, is í gan nighe, gan fighe, gan filleadh, gan fuagadh. Freagra:— An fhallaing a bhí ar ár Slánuightheóir. 10. Cím chúgham aniar fear na gcosa caola, fear na srian, fear na sruthán, fear na gcnamha cruadha, is mo dhá thruagh mo laoigh gan rith. Freagra:— Sionnach a chonnaic bó ar thóir a laoigh.
Original reference: 0418/2/54
Tomhaiseanna Seanda ó Chorca Dhuibhne
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5