Abstract: Story collected by a student at An Bloscaod Mór school (Great Blasket Island, Co. Kerry) (no informant identified).
Original reference: 0419/1/14
School An Bloscaod Mór [Vol. 0419, Chapter 0001]
County The Schools' Manuscript Collection : County Kerry Schools
Cuigeann [duchas:4674368]
Níl aon chuigeann san mbaile seo fé láthair. Bíodh cuigeann ins gach tig ar an mbaile fadó. Beistí maide a bhíodh fé'n mbainne ná tagadh blas ná dath air a chuirfeadh blas ar an mbainne. Théigheadh fear ón dtig uair sa tseachtain ag triall ar bheart fraoth dreangairí chun iad a sgóladh amach uair sa ló. Le corcas mór uisge a sgóltaí iad sa tslighe ná beadh aon t-smáil ar an mbainne seómra ar leitrigh tógtha amiuch fen mbainne. Clár ó gach taobh don tseómra go mbíodh na beistí seudhte air, gan aon dul go raigheadh aon t-smúit chúcha. Sgairtre na chúimne a chiomádfadh an t-uacht ar
Cuigeann [duchas:4674369]
go ceann seachtmhaine agus piollaire na bhun a thairg an meadhg on uachtar. Meadar dheas oireamhnach aca. Meadar luinigthe a tugtar uirthi. Sé an sórt an luimighte ceann mór róimhneochta uirthi sé cínn de pollach cama innte, sa t-slighe ná faigheadh an bainne díreach aníos. Ní bhíodh aon mhaith ann gan é a bheith ag bualadh at thaobh na meidire. Clab ar bhárr go bhfaigheadh cos an luinighthe tríod aníos, claibín maide anuas ar an bpoll. Bíodh an claibín seo gan puinn fasga. Bíodh gochra tamall aige muinntir an tighe á chasadh sa suathadh. Nuair a thagadh aoinne isteach dá mbeadh fhios is gur bé an páiste é chaithfeadh sé casadh a bhaint as an luinighthe ar eagla go
Cuigeann [duchas:4674370]
nárdóchadh sé an tim ar a shála leis. Sé an chuma a aithnídís í a bheith deanta, thagadh eáineacha ime aníos ar chois an luinighthe agus rud eile bhíodh "plup plap" aici. Tógtaí anóis í agus cuirtí gráine salainn mín ar leac glais cloiche. D'fhanaidís go mbeadh an chuigeann eile deanta. Bhíodh na feircíní lán annsan. Díolaidís ar pháirc an aonaigh é. Deintí feircín eile a chiomeadh i gcomhair in gcimridh dóibh féin.
Original reference: 0419/1/14
Cuigeann
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5