Abstract: Story collected by a student at Camross, Mountrath school (Camross, Co. Laois) (no informant identified).
Original reference: 0826/3/5
School Camross, Mountrath [Vol. 0826, Chapter 0003]
County The Schools' Manuscript Collection : Laois County Schools
Sreathán [duchas:4765204]
Ceanntar eile is pharóiste iseadh Sreathán. Fadó bhí cill, maisitir, agus reilg le fáfhail ann ag bun Áird Éireann. Is dócha gurbh de adhmad a bhí an chill déanta. Níl a rian ann anois. Níor cuireadh aoinne sa reilg ó'n mbliadhain 1760. Ta gollaín innte ach ní'l pioc scríobhtha ortha. Tá sceach aonnaich ag fás sa reilg fós agus sé an ainm a tugtar uirthí ná Sceach na Sochrad. Tá sceach eile innti agus tá tobar naomhtha fé'n a bhun. Sguel
Sreathán [duchas:4765205]
Tá sgeul spéiseamhail ag na sean-daoinibh ag baint leis an áit. Bhí muinntir dar b'ainm dóibh Oisticín in a gcómhnuidhe i mBaile Mháigh Mhóir. Ba leó an ceanntar go léir agus bhí cáil mór saibhris ortha. Bhain an Tigearna Séarlús Cút uatha gach a raibh aca agus b'éigin so Mhuinntir Oisticín teicheadh fé sgáth Sléibhte Bladhma. Thóg an Tighearna Seárlús Caisleán mór i mBaile Mháigh Mhóir agus do chuir sé féin agus a bhean fútha ann. Is minic a thagadh muinntir Oisticín anuas ós na Sleibhte a'réabadh agus a'loiteadh agus a' tána ar thalamh Seárlúis In áit a chéile do gabhadh agus do cuireadh chun báis gach duine de mhuinntir Oisticín ach fear amháin dar b'ainm Seathrún. Bhí cara ag Seathrún agus 'sé an ainm a bhí air ná Seán Gearr. Fé dheireadh thiar thall dhein sé feall ar a gcaraid - Seathrún bocht. Baineadh an ceann de Sheathrún ar chloich mhóir i Shreathán. Ó'n am sin tugadh an ainm - Gort na gCloch - ar an áit. Níor bh'fhada in a dhiaidh san gur gabhadh Seán Gearr agus báitheadh é, i bpoll in aice leis an gcloich mhóir ar a bhaineadh an ceann de Sheathrún.
Original reference: 0826/3/5
Sreathán
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5