Abstract: Story collected by Caitlín Ní Chiabháin, a student at Breac-Cluain (C.) school (Brackloon, Co. Kerry) from informant Siobhán Ní Mhuirchearta.
Original reference: 0426/4/13
School Breac-Cluain (C.) [Vol. 0426, Chapter 0004]
County The Schools' Manuscript Collection : County Kerry Schools
Scéalta [duchas:4678315]
I gCaithir a' Crotara ar an mbóthar go Cilleáirne taobh thoir d'Ínse, tá áit ar a glaodhtar "Scairt". Bhí mainnistir ann in aimsear Cromaill, agus do bhíodh suas le dachad manach in a gcómhnuidhe ann fadó. Lá amháin do chroch Cromaill agus a chuid fear iad ceann ar cheann, agus sin é an fáth a glaodhtar Caithir a' Crotaire air ó shin. Tá fotharach le feiscint fós ann. Do thuit alán tionóisc amach ann ó shin agus deirtear go bhfuil Spiorad le feiscint fós ann. CAitlín Ní Chiabháin Fuaires ó Shiobhán ní Mhuirchearta (18 bl) Aughills. Fadó do chuaidh cúigear fear amach i mbád taobh amuich de "Leac" taobh thoir d'Ínse agus do báthadh gach fear ach duine amháin agus Gearaltach ab' ainm do agus do dhein bean darb ainm Dáluidhe amhrán mar gheall air. An Gearaltach mór 's a thón go fuar Isé caithte suas ag an dtaoide Dómhnall mo mhaoin-fhear cothaig an tín Hurray! tá sé na reading papers. Caitlín Ní Chiabháin Fuaireas ó Shiobhán Ní Mhuircearta (18 bl) Aughillss
Original reference: 0426/4/13
Scéalta
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5