Abstract: Story collected by Mairgead Nic Suibhne, a student at An Tor school (Tor, Co. Donegal) from informant Dualrach Mac Suibhne.
Original reference: 1066/1/63
School An Tor [Vol. 1066, Chapter 0001]
County The Schools' Manuscript Collection : County Donegal Schools
Tomhaiseanna [duchas:4402808]
Teigheann sé isteach ar dhruim na ndaoiní agus amach comh mín le síoda. (Móin.) Tomhais orm, tomhais ort, caidé an dealg a chuir Brighid san bhrat. (Suithche.) Muiltín iarainn agus earball olainn air. (Snáthad mhór agus snáithe olna.) Gearán beag bobailte, trigailte donn, siubhlann sé Éirinn's ní fhliuchann sé bonn. (Leitir.) Baraille ar an tráigh agus a dhá cheann druidte. (Uibh.) Tá muileann beag amuigh annsin agus trí chéad gamhain aici. (An ghealach agus na réulta.) Comh hárd lé balla, comh bán lé bainne. comh milis le mil. comh dearg le fuil. (Ubhla.) Chuaidh sí thart ar an teach agus an dreibhlín na diaidh. (Cearc an éilín.) Chuaidh sé thart ar an teach agus isteach i bpoll na h eochra. (Gaoth.) Lán gáradh caoirigh bána agus caora dhearg ina measg. (Do chár agus do theangaidh.) Chuaidh mé suas air, tháinig mé anuas air agus thug mé liom ar mo dhruim é. (Dréimire.) Tá rud éiginteacht in gluaisteán agus ní thig leis ghabhail gan é. (Tormán.)
Original reference: 1066/1/63
Tomhaiseanna
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5